Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC)
Conas is féidir liom iarratas RFC a dhéanamh?
Ba chóir iarratais le haghaidh Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol a dhéanmah do:
AIE,
An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil,
Bóthair an Bhaile Nua,
Loch Garman,
Y35 AP90
Caithfidh tú, nuair atá iarratas á dhéanamh agat faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaoil:
- a chur in iúl go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoi na Rialacháin RFC agus é a chur faoi bhráid i scribhinn nó i bfhoirm leictreonach (aie@housing.gov.ie),
- do shonraí teangmhála a chur ar fáil,
- a chur in iúl, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá á lorg agat, agus an fhoirm agus modh rochtana atá ag teastáil uait.
De ghnáth, cuirfear an cinneadh ar d’iarratas in iúl duit laistigh de 1 mhí ón am faighte.
Cad is féidir liom a dhéanamh má tá mé mishásta leis an gcinneadh a rinneadh ar m’iarratas?
Ma cheapann tú gur diúltaíodh d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis chomhshaoil, go léir nó i bpáirt, nó seachas sin nár deileáileadh leis i gceart de réir forálacha na Rialachán RFC, tig leat, laistigh d’aon mhí tar éis cinneadh na Roinne a fháil, iarratas a chur chuig an Roinn athbhreithniú inmhéanach a dhéanamh ar an gcinneadh go léir nó i bpáirt.
Ní ghearrfar aon táille don phróiseas aithbhreithnithe inmhéanaigh.
Laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas uait, cuirfear toradh scríofa an athbhreithnithe chugat, ag cur an cinneadh, an chúis leis an gcinneadh in iúl duit agus tabharfar comhairle duit faoi do cheart ar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den tsórt sin.
Táillí
Ar aon treo leis na Rialacháin, níl aon táille tosaigh de dhíth nuair atá iarratas á dhéanamh ar fhaisnéis faoi RFC. Is féidir le húdarás poiblí táille réasúnta a ghearradh nuair a chuireann siad faisnéis maidir leis an gcomhshaoil ar fáil faoi réir na Rialacháin.
Gearrann an Roinn na táillí mar seo a leanas:
- Má tá cóipeanna crua ag teastáil ón iarratasóir, d’fhéadfaí táille 4c don duilleog a ghearradh, ag braith ar an méid eolais atá san iarratas
- Baineann táille de 10.16 euro do sholáthar eolais ar CD-ROM
Cuirfear eolas faoi na táillí, más ann, in iúl duit sa litir chinneadh chríochnaitheach.
Cabhair ag Déanamh Iarratais
Ma ta aon cheist agat, tig leat dul i dteangmháil leis an Aonad SF de ghuthán ag +353 (0)53 911 7495 Shelly Whelan, +353 (0)53 911 7461 Tony Collins nó +353 (0)53 911 7410 (Noreen O'Brien)
Ríomhphost: AIE@housing.gov.ie
Pointe Faisnéise
Pointe faisnéise is ea an suíomh idirlín seo chun críocha Threoir an AIE. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise comhshaoil uait seachas a bhfuil soláthraithe ar an suíomh idirlín, féadfaidh tú iarratas faoi AIE a chur isteach nó dul i dteagmháil leis an Aonad AIE, faoi mar atá leagtha amach thuas.
An raibh an leathanach cabhrach?
Go raibh maith agat as cuidiú linn housing.gov.ie a fheabhsú.