Stair na Roinne

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 6 months 3 weeks ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 5 months 1 week

2018

Aistríodh freagracht as Mótarcháin chuig an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó Eanáir 1 2018.

2017

Nuair a bunaíodh an Roinn nua Forbartha Tuaithe agus Pobail, aistríodh na feidhmeanna Pobail a bhíodh á ndéanamh roimhe sin ag an Roinn seo chuici ón 27 Iúil 2017.

Tar éis an aistrithe seo, athainmníodh an Roinn seo an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar an 1 Lúnasa 2017.

2016

Tar éis chruthú an Rialtais nua i mí na Bealtaine 2016, athainmníodh an Roinn mar an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil le héifeacht ón 23ú Iúil 2016.

Aistríodh na feidhmeanna Comhshaoil chuig Roinn faoi theideal nua, an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Aistríodh freagracht as Forbairt Tuaithe, Cuntais Díomhaoine, Bailte Slachtmhara agus Fiontar Sóisialta chuig Roinn faoi theideal nua, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

2011

Tar éis don Rialtas nua a bheith curtha le chéile i Márta 2011, aistríodh feidhmeanna i leith Oidhreachta go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó 1 Bealtaine 2011. Aistríodh feidhmeanna i leith Gnóthaí Pobail go dtí an Roinn seo ó Roinn Gnóthaí Pobail, Comhíonannais agus Gaeltachta le éifeacht ó 1 Bealtaine 2011.

Ó 2 Bealtaine 2011 tugtar: An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

2002 - 2007

Aistríodh formhór d'fheidhmeanna na Roinne maidir le bóithre agus trácht chuig an Roinn Iompair i mí Mheitheamh 2002, roinn nua a bunaíodh go gairid roimhe sin.  Ghlac an Roinn freagracht as an oidreacht thógtha agus nádúrtha, as an tsábháilteacht núicléach agus as an tSeirbhís Mheiteaireolaíochta (Mét Éireann) ag an am céanna. Athraíodh ainm na Roinne i mí Mheitheamh 2003 leis na freagrachtaí nua seo a léiriú. Tugtar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar an Roinn.

Tar éis don Rialtas nua a bheith curtha le chéile i Meitheamh 2007, aistríodh freagrachtaí i ndail le bóithre neamhnáisiúnta agus an Comad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (CNFT) chuig an Roinn Iompair. Tá feidhmeanna nua i ndáile le hurthránna mara aistrithe ón Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

1947 - 1997

Cruthaíodh Ranna Sláinte agus Leasa Shóisialaigh ar leithligh in 1947 agus dá bharr sin, dhírigh an Roinn Rialtais Áitiúil, mar a ath-ainmníodh é, ar cheisteanna maidir leis an rialtas áitiúil agus ar na cláir maidir le bonneagar, mar a bhí, tithíocht, bóithre agus seirbhísí uisce/dramhuisce. Leathnaíodh raon na bhfeidhmeanna sna blianta ina dhiaidh sin ar aon dul le hathruithe sa gheilleagar agus sa tsochaí, agus le hathruithe i dtuiscintí ar ról an rialtais maidir le forbairt náisiúnta a chur chun cinn.

Bhí reachtaíocht chuimsitheach maidir le trácht bóithre ar thionscnaimh nua sna 1960aidí, chomh maith le córas nua-aimseartha um phleanáil fhisiciúil don tír ar fad agus gluaiseacht as an nua chun freastal ar éilimh ar thithíocht. Athraíodh teideal na Roinne go dtí an Roinn Comhshaoil in 1977 rud a léirigh go raibh ról á fhorbairt don Roinn sa réimse ó thaobh an comhshaol a chur chun cinn agus a chosaint.

Rud a bhí ina thosaíocht mhór le blianta beaga anuas ná an ghluaiseacht leis an gcóras rialtais áitiúil a nua-chóiriú, córas a cheiliúrann céad bliain a bhunaithe faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, i mbliana.  Leantar ar aghaidh le meas tosaíochta móire a thabhairt air seo agus léirítear sin i gcinneadh an Rialtais i mí Iúil 1997 leis an Roinn a ath-ainmniú mar an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

An Stát Nua

Chuir Dáil Éireann faoi thalamh, a chruthaigh iarrthóirí Shinn Féin ar éirigh leo in Olltoghchán 1919,  Roinn Rialtais Áitiúil ar bun in 1920, a ghlac feidhmeanna údaráis láir de chúram chuige féin. Bhí an Bord Rialtais Áitiúil gníomhach fós agus bhí gnóthaí, in ainm a bheith ar a laghad, faoina rialú siúd, rud a d'fhág go raibh, ar feadh tamaill, dhá údarás lárnacha a bhí in iomaíocht lena chéile le haghaidh dílseacht na n-údarás áitiúil.

D'aithin tromlach na n-údarás áitiúil roinn na Dála nua áfach agus bhriseadar leis an mBord Rialtais Áitiúil. Ghlac Aireacht Rialtais Áitiúil an Saorstáit nua neamhspleáigh cúram an riaracháin láir chuige féin i mí Aibreáin 1922. Bunaíodh an Roinn Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí in 1924. Ghlac an Roinn nua seo cúram an taisc maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras rialtais áitiúil chuige féin, tasc a bhí á fheidhmiú ag an mBord Rialtais Áitiúil faoi iar-riarachán Shasana ón na 1870óidí.

Bhí fócas ghníomhaíochtaí na Roinne sna 1920aidí agus sna 1930aidí ar leasú a dhéanamh ar an mbealach a bhí an córas rialtais aitiúil á fheidhmiú, ar an an gclár tithíochta a leathnú, ar sheirbhísí bonneagair eile a fhorbairt, ar phleanáil bailte a thabhairt isteach agus ar sheirbhísí sláinte agus leasa shóisialaigh a fhás.

Faoi na 1940aidí, aithníodh go raibh raon fheidhmeanna na Roinne éirithe ró-mhór agus go raibh athrú ag teastáil.

1872 - Bord Rialtais Áitiúil d'Éirinn

Rinneadh an Bord Rialtais Áitiúil d'Éirinn den Choisimiún um Dhlí na mBocht in 1872. Tháinig bunú an Bhoird Rialtais Áitiúil tar éis an méadú a bhí ag teacht ar raon na ndualgas a d'fhág go raibh na freagrachtaí a bhíodh á bhfeidhmiú ag na Coimisinéirí um Dhlí na mBocht roimhe sin leathnaithe amach go mór ón mbunchúram do na boicht agus isteach i réimsí amhail ospidéil, galair a dhíothú, seirbhísí leighis, seirbhísí sláintíochta, agus tithíocht.

1838 - Poor Relief Act

Is féidir bunús Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an lae inniu a rianadh siar go dtí an tráth a ritheadh an Poor Relief Act in 1838 lenar cruthaíodh an chéad ghníomhaireacht rialtais a raibh freagracht as gnóthaí áitiúla in Éirinn air.

Clúdaíodh an tír ar fad le gréasán de bhoird um dhlí na mbocht le hAcht 1838. Tugadh Bardaigh na mBocht ar bhaill na mbord, ar ghiúistísí cuid de na baill agus daoine a bhí tofa ag íocóirí rátaí cuid eile díobh. D'fheidhmigh na boird faoi rialú na gCoimsinéirí um Dhlí na mBocht ar dtús, a thionólaíodh i Londain, agus bhí oifig bhrainse na hÉireann i dTeach an Chustaim.

Catagóra 
Ábhar 
Fo-Ábhar