Éire 2040 - Ár bPlean Foilsiú an dréacht-Chreata Náisiúnta Pleanála

Foilsithe an Máirt, 26 MF 2017
Ireland 2040 - Our Plan

D'fhoilsigh an Rialtas "Éire 2040 - Ár bPlean" inniu le go bhféadfar an babhta deiridh comhairliúchán poiblí a sheoladh ina leith. I rith na seachtainí atá romhainn, go dtí an 3 Samhain, beidh deis ag daoine den phobal breithniú a dhéanamh ar chreat arb é a bheidh ann, le fírinne, ná an creat pleanála straitéisí fadtéarma maidir le fás agus rathúnas na tíre sa todhchaí. Feidhmeoidh Éire 2040 -  Ár bPlean mar threoir i ndáil le deiseanna pleanála náisiúnta, réigiúnaí agus áitiúla ar fud na Poblachta agus, freisin, i ndáil le cinntí infheistíochta a bheidh á ndéanamh i rith an fiche bliain ar a laghad atá romhainn.

Dúirt an tAire Eoghan Murphy:

“Is é atá sa mhéid a bhfuilimid ag súil lena bhaint amach trí Éire 2040 - Ár bPlean ná fís agus uaillmhian chomhroinnte i leith staid na tíre nuair a shroichtear an bhliain 2040. Táimid tar éis tréimhse a chur dínn inar tharla athruithe móra agus beidh tuilleadh dúshlán le sárú againn ina dhiaidh seo. Ní mór dúinn pleanáil a dhéanamh anois le go n-éireoidh linn déileáil leis na dúshláin a bheidh ann i ndáil le méadú an daonra, athruithe déimeagrafacha agus athruithe ar chleachtais oibre agus saoil.”

“Ní rogha é a thuilleadh leanúint dár bpátrúin fáis agus forbartha de réir an status quo ná gan aon phlean comhordaithe a bheith ann. Tríd an bpleanáil spásúlachta a dhéanaimid a ailíniú lenár gcinntí infheistíochta - tríd an bPlean Náisiúnta Forbartha a ailíniú le Plean Náisiúnta Infheistíochta deich mbliana - beidh creat fónta pleanála againn den chéad uair ar creat é ar féidir le daoine muinín a bheith acu ann agus ar creat é chuirfidh tairbhí ar fáil do na pobail ina gcónaíonn na daoine.”

Ina theannta sin, dúirt an tAire Stáit Tithíochta agus Forbartha Uirbí, Damien English, an méid seo a leanas:

 “Is eol dúinn go mbeidh cónaí ar aon mhilliún duine breise in Éirinn faoin mbliain 2040, is é sin le rá,  600,000 duine eile ag an obair, agus gá acu le leathmhilliún tithe cónaithe breise ar a laghad. Fiche bliain ó shin, bhí 3.5m duine sa tír; faoin mbliain 2040, beidh an figiúr sin ag tarraingt ar 6m duine, rud a fhágfaidh go mbeidh daonra 8 milliún san oileán ar fad agus go mbeidh fís, diongbháilteacht agus pleanáil straitéiseach thar a bheith tábhachtach lena chinntiú go ndéanfar an fás a phleanáil go maith agus go mbeidh tairbhí marthanacha ann”.

Frances Fitzgerald TD, Tánaiste agus An tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

“Sa gheilleagar domhanda atá ann faoi láthair, ar geilleagar é atá níos iomaíche ná riamh, is ionann cáilíocht áite agus buntáiste tábhachtach iomaíochta, agus sin an fáth go dtugann beartas fiontraíochta na hÉireann tús áite do cháilíocht ár n-áiteanna uirbeacha agus tuaithe i dtaca le cúrsaí forbartha gnó agus fiontraíochta de. Is é atá sa chuspóir atá againn ná a chinntiú gur féidir le gach réigiún barr a gcumais a bhaint amach agus go soláthrófar poist ardchaighdeáin do dhaoine ar fud na hÉireann. Trí Éire 2040, beidh straitéis forbartha láidir áit-bhunaithe i bhfeidhm do chathracha, do bhailte agus do cheantair thuaithe na hÉireann agus cuirfear tacaíocht ina leith sin ar fáil trí phleanáil chomhordaithe infheistíochta 10 mbliana le haghaidh an bhonneagair atá riachtanach le haghaidh rath na gceantar uirbeach agus tuaithe agus trí bhonn rathúil a sholáthar ar mhaithe le forbairt na tíre i dtéarmaí gnó, fiontraíochta agus nuálaíochta. Mar thoradh ar ár gcur chuige comhtháite uile-rialtais, cinnteofar go neartóidh ár ngníomhartha forfheidhmiúcháin a chéile d'fhonn ár mbeartas uaillmhianach fiontraíochta, Fiontraíocht 2025, a chur i gcrích agus cinnteofar gur féidir linn ár bhfís a bhaint amach i leith fostaíocht iomlán inbhuanaithe agus cáilíocht fheabhsaithe beatha do gach duine”.

Simon Coveney TD, An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

“Sna blianta atá díreach romhainn, tiocfaidh athrú agus forbairt ar ionad na hÉireann sa domhan agus ar ár gcaidreamh leis na comharsana is gaire dár gcuid i dTuaisceart Éireann, sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach agus sin an fáth go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfaimid pleanáil straitéiseach, agus cumas ár ngeilleagair dhinimiciúil oileánda á chur san áireamh agus aird á tabhairt ar na deiseanna atá ann ní amháin chun forbairt a dhéanamh ar ár naisc lenár bpríomh-chomhpháirtithe trádála san Eoraip agus sa chomhthéacs domhanda i gcoitinne ach, freisin ar na deiseanna chun na naisc sin a leathnú. Is ionann Éire 2040 agus ráiteas infheicthe ó thír atá ar an eolas faoi na constaicí nach mór aghaidh a thabhairt orthu ach ar tír í ag a bhfuil muinín i leith a todhchaí agus a hionaid sa domhain.”

Pascal Donohue TD, An tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

“Is ionann an tiomantas maidir le bailchríoch a chur ar Éire 2040 - an Creat Náisiúnta Pleanála - agus é a fhoilsiú i gcomhair comhairliúchán poiblí sula ndéanfaidh an Rialtas plean náisiúnta 10 mbliana maidir le hinfheistíocht agus cruthúnas infheicthe go bhfuil Éire réidh anois, tar éis teacht trí dhúshláin shuntasacha eacnamaíochta, chun pleanáil a dhéanamh de réir físe agus go muiníneach chun forbairt náisiúnta agus réigiúnach de chineál níos láidre agus níos cobhsaí a dhéanamh. Beidh an t-aiseolas a gheofar ó chéim an chomhairliúcháin phoiblí ina chabhair le linn bailchríoch a chur ar Éire 2040 ionas go mbeidh creat pleanála straitéisí daingean, soiléir agus réadúil ann ar dá réir a bheidh mo Roinnse in ann an obair a leanfaidh as, sa réimse buiséid agus infheistíochta, a dhéanamh tríd an bPlean Náisiúnta Infheistíochta 10 mbliana a fhoilseofar in éineacht leis an gCreat Náisiúnta Pleanála.”

Heather Humphries TD, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

 “In Éire 2040, déantar béim mhór, a bhfuil údar maith léi, a leagan ar chaomhnú chultúr agus oidhreacht na hÉireann agus ar a cuid oileán mar chuid dhílis de shainiúlacht ionaid ár dtíre agus, dá bhrí sin, den tslí ina ndéanaimid forbairt inbhuanaithe ar ár réigiúin agus ár gceantair thuaithe, agus leagtar béim mhór freisin ar leas a bhaint as sainiúlacht an chultúir agus na hoidhreachta sin. Déanfar roghanna beartais atá ann sa Chreat Náisiúnta Pleanála a mhúnlú agus a fheabhsú mar thoradh ar ár gcarachtar uathúil Éireannach, ar an mbá atá againn lenár stair, lenár dtírdhreach agus lenár gcultúr saibhir agus ar ár meon cruthaitheach.”

Denis Naughton TD, An tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son Aeráide agus

Comhshaoil

“Rinneadh Éire 2040 a fhorbairt ar shlí ina ndéantar an Plean Náisiúnta Maolúcháin maidir le hathrú aeráide, agus obair eile ar oiriúnú i leith an athraithe aeráide agus sinn ag athrú go geilleagar agus go sochaí ísealcharbóin, a chur san áireamh go hiomlán. De bhreis air sin, déantar comhthéacs forbartha straitéisí a leagan amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála a mhéid a bhaineann le líonraí leathanbhanda ardluais a chur ar fáil i gceantair thuaithe na hÉireann, le córais agus bonneagar fuinnimh a sholáthar, agus le forbairt inbhuanaithe ár n-acmhainní nádúrtha.”

Michael Ring TD, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail

“In Éire 2040, faightear léiriú ar cheantair thuaithe na hÉireann agus ar ár gcuid réigiún mar ghnéithe tábhachtacha i dtaca le forbairt ár dtíre san fhiche bliain atá díreach romhainn agus sa tréimhse dá éis sin. Ina theannta sin, díríonn sé ar fheabhas a chur ar cháilíocht na beatha i bpobail ar fud na hÉireann, i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe araon. Sa chomhthéacs sin, tacóidh Éire 2040 le Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe lena bhféachtar le huasmhéadú a dhéanamh ar chumas eacnamaíochta agus sóisialta cheantair thuaithe na hÉireann agus, chomh maith leis sin, tacóidh sé leis an gCreat-Bheartas um Fhorbairt Áitiúil agus Pobail lena bhféachtar le pobail bhríomhara, inbhuanaithe, fhéinchinntitheacha a chruthú ar fud na hÉireann. Soláthróidh Éire 2040 creat chun tacú leis an mbeartas forbartha tuaithe agus pobail ar feadh tamall maith blianta.”

Shane Ross TD, An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

“Tá ról tábhachtach sochaíoch á chomhlíonadh ag an earnáil iompair in Éirinn do shaoránaigh na hÉireann is cuma an bhfuil cónaí orthu inár gcathracha, inár mbailte nó inar gceantair thuaithe. Mar thoradh ar na beartais pleanála agus forbartha straitéisí atá leagtha amach in Éire 2040, is fearr an tacaíocht a bheidh ann i leith córas iompair phoiblí atá comhtháite agus inbhuanaithe a fhorbairt. Bíonn na roghanna i dtaobh conas a dhéantar áiteanna a phleanáil agus a dhearadh agus na roghanna i dtaobh bonneagar agus seirbhísí iompair a sholáthar ag brath go mór ar a chéile agus, má dhéantar na roghanna sin a nascadh níos dlúithe le chéile, rachaidh sé chun tairbhe dóibh go frithpháirteach agus beidh torthaí níos fónta ann don tsochaí.  Is féidir forbairt ár n-earnálacha turasóireachta agus spóirt a chumasú freisin trí na beartais pleanála agus forbartha straitéisí atá leagtha amach in Éire 2040 trí fheabhas a chur ar ár dtimpeallacht nádúrtha agus ar ár dtimpeallacht fhoirgnithe agus trína chur faoi deara go bhfuil Éire ina háit níos tarraingtí chun cónaí agus obair a dhéanamh inti.”

Is ionann an chéim dheiridh seo den phróiseas comhairliúcháin agus toradh na hoibre móire atá ar siúl le tamall de bhlianta, toradh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus comhairliúcháin phoiblí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear níos mó ná 30 ceardlann, naoi seó bóthair réigiúnacha, agus toradh comhairliúcháin phoiblí a bhí ann níos túisce sa phróiseas. Bhí an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil i gceannas ar an obair sin agus rinneadh an obair faoi stiúradh Grúpa Náisiúnta Comhairleach um an gCreat Náisiúnta Pleanála.

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh mar a leanas idir Dé Céadaoin, an 27 Meán Fómhair agus 12 meán lae, Dé hAoine, an 3 Samhain:

  1. Trí dhul ar líne:- níl le déanamh ach logáil isteach inár láithreán gréasáin www.Ireland2040.ie agus déanamh de réir na dtreoracha a sholáthraítear;
  2. Trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas, agus chuige sin amháin, npf@housing.gov.ie
  3. Trí scríobh chuig an seoladh seo a leanas: Aighneachtaí NPF, An Rannóg Pleanáil Chun Cinn, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath D01 W6X0.

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí

Tá an tuarascáil le fáil ar láithreán gréasáin Éire 2040 ag:

http://npf.ie/wp-content/uploads/2017/09/Ireland-2040-Our-Plan-Draft-NPF.pdf

Céard é "Éire 2040 - Ár bPlean"?

Is Creat Náisiúnta Pleanála é - is é an t-aon doiciméad amháin é a bheidh mar threoir don tír, ar ardleibhéal straitéiseach pleanála agus forbartha, ar feadh na tréimhse 20+ bliain atá romhainn, ionas go mbeidh an fás inbhuanaithe (i dtéarmaí eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil) de réir mar a thagann méadú ar an daonra.

Tar éis bailchríoch a chur ar NPF níos déanaí i mbliana, agus in éineacht leis an bPlean Infheistíochta Caipitiúla, beidh plean amháin ann go bunúsach chun an fhorbairt straitéiseach agus an infheistíocht i mbonneagar a threorú ar leibhéal náisiúnta.

Ina theannta sin, trí NPF agus tríd an bPlean Caipitiúil, leagfar síos an comhthéacs ar dá réir a dhéanfaidh gach ceann ar leith de na trí thionól réigiúnacha in Éirinn forbairt ar a gcuid Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta, agus aird á tabhairt, agus comhordú á dhéanamh, ar Phleananna Forbartha Contae agus Cathrach na n-údarás áitiúil ar mhodh a chinnteoidh go mbeidh pleananna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ailínithe lena chéile.

Cuspóirí “Éire 2040”

Is iad seo a leanas cuspóirí foriomlána NPF:

  • forbairt na hÉireann amach anseo a threorú, agus aird á tabhairt ar mhéadú réamh-mheasta 1 mhilliún sa daonra, ar an ngá le 660,000 post breise a chruthú d'fhonn fostaíocht iomlán a bhaint amach agus ar an ngá le 550,000 teach cónaithe breise a chur ar fáil faoin mbliain 2040;
  • Maidir leis an 1 mhilliún duine breise,
    • tá pleanáil á déanamh i leith 25% díobh i mBaile Átha Cliath, atá aitheanta mar an chathair idirnáisiúnta agus domhanda is tábhachtaí dár gcuid, ó thaobh scála de, agus mar phríomhghníomhaí eacnamaíochta,
    • baineann 25% leis na ceithre chathair eile le chéile (Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge), rud a chumasóidh dóibh go léir an daonra agus an fhostaíocht atá iontu a mhéadú de 50-60% agus teacht chun bheith ina gcathracha níos mó, ó thaobh scála de i.e. fás de réir ráta dhá oiread níos mó ná an ráta fáis sna 25 bliana roimhe seo suas go dtí an bhliain 2016, agus
    • baineann an 50% eile den fhás leis na príomhionaid réigiúnacha, le bailte, le sráidbhailte agus le ceantair thuaithe, rud a chinnfear sna pleananna réigiúnacha a bheidh ann amach anseo - Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta (RSES-anna).
  • A chumasú do dhaoine cónaí a bheith orthu in áiteanna atá níos gaire dá n-ionad oibre, is é sin athrú ón treocht reatha neamh-inbhuanaithe ar dá réir atá an chomaitéireacht níos coitianta;
  • Ceantair thuaithe na hÉireann a athghiniúint trí phátrúin fáis atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn;
  • Pleanáil a dhéanamh i leith fás réigiúnach a dháileadh ar mhodh níos fearr, ó thaobh post agus rathúnais de, agus dáileadh den sórt sin a chur i bhfeidhm;
  • Lonnaíochtaí de gach méid a bhunathrú trí athghiniúint shamhlaíoch ceantar uirbeach a dhéanamh agus trí bheocht/phoist a thabhairt ar ais chuig cathracha, bailte agus sráidbhailte;
  • Comhordú a dhéanamh ar sholáthar bonneagair agus seirbhísí i gcomhthráth le fás, trí NPF/Plean Caipitiúil agus pleananna earnála comhsheasmhacha le chéile, rud a chabhróidh le bainistíocht a dhéanamh ar an bhfás agus le dul i ngleic le shaincheisteanna a bhaineann le plódú agus cáilíocht saoil i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile

Áirítear an méid seo a leanas i measc na nithe tábhachtacha eile dá dtugtar suntas agus a dtugtar aghaidh orthu sa dréacht-NPF:

  • Tograí chun fás agus nascacht réigiúnach a neartú go suntasach, go háirithe sna ceithre chathair lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus eatarthu, i limistéar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus, ar bhealach níos forleithne, laistigh de Réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir;
  • Tograí chun cineálacha níos dlúithe forbartha uirbí i ngach cineál lonnaíochta a áirithiú, chun laghdú a dhéanamh ar shraoilleáil agus chun tuilleadh roghanna a chur ar fáil, mar aon le sprioc nua náisiúnta, maidir le forbairt inlíonta, a bheith ann chun freastal ar 40% den fhás uirbeach laistigh de limistéir fhoirgnithe atá ann cheana féin ar thailte athfhorbraíochta;
  • Tograí chun cur i gcoinne mheath na mbailte beaga agus na gceantar tuaithe ar fud na hÉireann, go háirithe na cinn sin atá suite lasmuigh de limistéir atá gar do chathracha agus do bhailte móra;
  • Aitheantas a thabhairt don tábhacht atá ag ceantair thuaithe mar thírdhreach agus mar phobal beo, agus mar thírdhreach agus mar phobal ina gcónaíonn daoine, ar tírdhreach agus pobal iad a bhfuil pleanáil chúramach ag teastáil ina leith chun iad a chothú;
  • Leagtar béim mhór ar nithe a bhaineann le cáilíocht saoil agus ar an tslí inar féidir áiteanna a fhorbairt agus a dhearadh ar bhealach níos fearr chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann le pobail a athraíonn go tapa le pobail atá níos ilchineálaí, lena n-áirítear aird a thabhairt ar mhéadú suntasach ar an gcion den daonra náisiúnta atá san aoisghrúpa os cionn 65 bliana d'aois;
  • Idirghníomhú agus caidreamh tábhachtach thuaidh-theas atá le cothabháil agus le forbairt tuilleadh, ar mhaithe leis an dá dhlínse, a shainaithint, d'ainneoin thorthaí Brexit;
  • Beartais atá ailínithe leis an bPlean Náisiúnta Maolúcháin maidir le hathrú aeráide, rud a chumasóidh d'aistriú na hÉireann chuig geilleagar ísealcharbóin agus rud as a leanfaidh na buntáistí a ghabhann le dul chun cinn eacnamaíochta inbhuanaithe;
  • Tograí chun a chinntiú go ndéanfar bainistíocht éifeachtach ar ár n-acmhainní ar talamh agus amach ón gcósta agus aitheantas don ghá le beartas comhsheasmhach éifeachtach agus le cur chuige rialála maidir le pleanáil chríche agus mhuirí;
  • Prionsabail infheistíochta mar threoir i ndáil le forbairt agus cur i bhfeidhm Plean nua Náisiúnta Infheistíochta, i ndáil le déileáil leis an leibhéal beartaithe fáis a bhfuil gá leis agus i ndáil leis an gcumas eacnamaíochta amach anseo a éascú, rud a léireoidh ciste iomaíoch nua i leith 'fás cliste' do cheantar thuaithe agus uirbeacha; agus
  • Raon measúnachtaí comhshaoil de réir mar a cheanglaítear faoi cheanglais AE agus reachtaíochta náisiúnta i ndáil le nithe amhail Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), an Treoir maidir le Gnáthóga agus an Treoir maidir le Tuilte, ar nithe iad sin a neartóidh an próiseas pleanála go suntasach a mhéid a bhaineann le hailíniú na reachtaíochta comhshaoil.
Catagóra