Toghcháin Áitiúla

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 1 year 1 month ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 0 sec

Toghcháin Áitiúla

Tionóltar toghcháin áitiúla gach cúig bliana. Ag na toghcháin sin, toghann baill den phobal áitiúil Comhairleoirí chun ionadaíocht a dhéanamh don phobal in údaráis áitiúla. Bíonn lá na vótála, nach mór a bheith ar siúl i mí na Bealtaine nó i mí an Mheithimh, ar siúl an lá céanna i ngach cuid den tír. Déanann an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiύil ordú ina leagtar amach an lá agus ina leagtar amach tréimhse na vótála, nach mór a bheith tréimhse 12 uair ar a laghad idir 07:00am agus 10:30pm.

Tá ceann comhairimh an údaráis áitiúil freagrach as an toghchán a stiúradh do gach údarás áitiúil.  Íocann gach údarás áitiúil an costas a bhaineann leis an toghchán a reáchtáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an mbileog eolais - Conas a Thoghtar Baill Údarás Áitiúil

Tionóladh na toghcháin áitiúla go deireanach an 23 Bealtaine, 2014.

Torthaí 2014

Tá torthaí an toghcháin, arna dtiomsú agus arna bhfoilsiú ag an Roinn, le fáil ar: Local Elections 2014 – Results, Transfer of Votes and Statistics.

Toghlimistéir Áitiúla

Tá gach contae, gach cathair agus gach cathair is contae roinnte ina dtoghlimistéir agus toghtar baill de na húdaráis áitiúla iontu seo.  Déantar na toghlimistéir áitiúla agus líon na mball atá le toghadh i ngach ceann a shainiú in ionstraim reachtúil do gach limistéar údaráis áitiúil.  Rinneadh iad sin go deireanach in 2014 do gach ceann ach amháin Cathair Chorcaí, a rinneadh in 2008.

Is féidir léarscáileanna ina dtaispeántar na toghlimistéir a fháil i áitiúil i dTuarascáil an Choiste um Theorainn Toghlimistéar Áitiúil 2013 (i mbéarla amháin).

Athbhreithniú ar Theorainneacha Toghlimistéar Áitiúil 2017-2018

Chuir an tUas. John Paul Phelan TD, an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus d’Athchóiriú Toghcháin, dhá choiste ar bun an 13 Nollaig 2017 chun athbhreithniú a dhéanamh ar thoghlimistéir áitiúla.  Preaseisiúint.

Breithneoidh an tAire tuarascálacha na gCoistí mar bhonn le leasú na dtoghlimistéar áitiúil a úsáidfear ag na toghcháin áitiúla a reáchtálfar sa bhliain 2019.  Chun críocha an athbhreithnithe, tabharfaidh na Coistí aird ar an daonra mar a dearbhaíodh i nDaonáireamh 2016 agus glacfar leis nach mbeidh aon athrú ann sa líon comhaltaí de gach údarás áitiúil.

Tabharfaidh Coiste Uimh. 1 tuairisc ar gach contae, lena n-áirítear Cathair agus Contae Luimnigh agus Cathair agus Contae Phort Láirge, seachas Corcaigh, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Gaillimh agus Áth Cliath Theas agus déanfaidh sé moltaí ina leith.

Tabharfaidh Coiste Uimh. 2 tuairisc ar Chathair Bhaile Átha Cliath, ar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ar Fhine Gall agus ar Áth Cliath Theas agus déanfaidh sé moltaí ina leith.

D’iarr an tAire ar na Coistí tuairisc a thabhairt dó a luaithe is féidir agus laistigh de shé mhí ar a dhéanaí.

Is féidir téarmaí tagartha an dá Choiste a aimsiú ar shuíomh Gréasáin an Choiste Teorann ag www.boundarycommittee.ie.

Teorainneacha Caithimh agus Tabhartais Iarrthóirí

Caiteachas

Rinneadh teorainneacha caithimh, a tugadh isteach do thoghcháin áitiúla 2009, a leasú leis an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014. Braitheann an teorainn ar dhaonra an toghlimistéir áitiúil, faoi mar a leanas -

Daonra Toghlimistéir Áitiúil agus Teorainn Chaithimh Iarrthóirí
Toghlimistéar áitiúil Teorainneacha caithimh iarrthóirí
Daonra sa bhreis ar 35,000 13,000 euro
Daonra idir 18,001 agus 35,000 11,500 euro
Daonra 18,000 nó níos lú ná sin 9,750 euro

 

 

 

Meastar go leithdháileann iarrthóirí arna n-ainmniú ag páirtí polaitiúil 10% dá dteorainn chaithimh go huathoibríoch ar ghníomhaí náisiúnta an pháirtí. Mar shampla, maidir le hiarrthóir páirtí ag a bhfuil teorainn 13,000 euro meastar go leithdháilfí sé nó sí 1,300 euro go huathoibríoch lena úsáid ag an bpáirtí. Bheadh 11,700 euro i gceist lena dteorainn iarbhír dá réir sin. Is féidir an figiúr 10% a athrú suas nó síos le comhaontú i scríbhinn idir an t-iarrthóir agus an gníomhaí náisiúnta.

Ní mór caitheamh ar thoghchán a thabhaítear le linn na tréimhse roimh an toghcháin a thuairisciú don údarás áitiúil lena mbaineann agus ní mór dó a bheith faoi bhun na teorann sainithe. Tá dáta um thosach na tréimhse caithimh leagtha amach in ordú arna dhéanamh ag an Aire roimh an toghchán agus ní mór tús a chur léi idir 50 agus 60 lá roimh lá na vótála. Rinneadh an tOrdú do Thoghcháin Áitiúla 2014, I.R. Uimh. 144, de 2014, an 20 Márta 2014.

Tabhartais

Tá na rialacha seo a leanas i bhfeidhm maidir le tabhartais:

  • Is é 1,000 euro an t-uasmhéid a fhéadfaidh iarrthóir údaráis áitiúil nó iarrthóir toghcháin áitiúil a ghlacadh sa bhliain fhéilire chéanna ón bhfoinse chéanna.
  • Ní mór sonraí maidir le tabhartais níos nó ná 600 euro a nochtadh i ráiteas a dhéantar leis an údarás áitiúil.
  • Ní mór d’iarrthóir nó do bhall údaráis áitiúil a fhaigheann tabhartas airgeadaíochta níos mó ná 100 euro cuntas tabhartas polaitiúil a oscailt agus a choimeád in institiúid airgeadais.

Tá tabhartais áirithe srianta:

  • Níl cead tabhartas a ghlacadh ó fhoinse gan ainm níos mó ná 100 euro.
  • Níl cead tabhartais in airgead tirim níos mó ná 200 euro a ghlacadh ach oiread.

Tá rialacha sonracha ann faoina gcumhdaítear tabhartais chorparáideacha níos mó ná 200 euro – ní mór don deontóir a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ní mór fianaise gur fhaomh an comhlacht corparáideach an tabhartas a chur ar fáil.

Tá treoirlínte ar na rialacha maidir le caitheamh agus tabhartais a bhaineann le toghcháin áitiúla ar fáil ó gach Comhairle Contae, gach Comhairle Cathrach agus gacu Comhairle Cathrach is Contae.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear an tAcht um Thoghcháin 1997.

Catagóra 
Ábhar 
Fo-Ábhar