Rialáchán maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF)
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar agus ón 1 Iúil 2013, faoi Regulation (EU) No 305/2011 (ar a dtugtar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nó “RTF”), bíonn marcáil EC éigeantach le haghaidh gach táirge foirgníochta dá gcuirtear ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus clúdaítear é:
nó
(Úsáideann déantúsóirí táirgí iad seo i gcás nach mbíonn a dtáirgí clúdaithe faoi chaighdeán comhchuibhithe Eorpach ach ar mian leo go mbeadh marcáil EC fós ar a gcuid táirgí).
Féachtar leis an RTF lena chinntiú go mbíonn sonraí iontaofa, a bhaineann le feidhmíocht, ar fáil trí Dhearbhuithe Feidhmíochta, i ndáil le táirgí foirgníochta a bhíonn á gcur ar an margadh Eorpach.
Is é príomhaidhm an RTF go mbrisfear bacainní teicniúla a bhíonn roimh thrádáil le saorghluaiseacht táirgí foirgníochta trasna na mBállstát laistigh den Aontas Eorpach a chinntiú. Déantar sin trí na heilimintí, a d’fhág go raibh bacainní ann roimhe, a chomhchuibhiú trí foráil: -
Bíonn sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach bhfuil sé d’aidhm leis an RTF cóid náisiúnta fhoirgníochta a chomhchuibhiú. Bíonn gach Ballstát saor lena chuid ceanglas féin a shocrú maidir le feidhmíocht oibreacha tógála agus, de bhithín an rud céanna, táirgí foirgníochta agus iad in úsáid. Is le gach Ballstát a bhíonn an rogha maidir le luachanna feidhmíochta riachtanacha le haghaidh úsáideanna beartaithe sonracha a bhaintear as táirgí foirgníochta.
Leis an Construction Products Regulation - Information Note leagtar amach na cuspóirí ginearálta atá i gceist leis an RTF, na ceanglais a chaithfear a chomhlíonadh chun táirgí foirgníochta a chur ar an margadh agus na himpleachtaí áirithe do dhéantúsóirí, impórtálaithe agus dáileoirí a eascraíonn as an Rialachán a bheith tugtha isteach an 1 Iúil 2013 agus soláthraíonn an nóta roinnt faisnéise achomair do shonraitheoirí, dearthóirí agus tógálaithe agus na táirgí foirgníochta seo á n-úsáid.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin RTF lena n-áirítear treoir “céim ar chéim” maidir le marcáil EC, féach ar European Commission’s DG Internal Market, Industry, Entrepreneurship and SMEs website.
Le hAirteagal 40 den RTF, ceanglaítear ar gach Ballstát údarás dá leithéid a ainmniú a bheidh freagrach as na nósanna imeachta riachtanacha a chur ar bun agus a i ngníomh chun fógra a thabhairt don údarás fúthu agus measúnacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh údaraithe le tascanna tríú páirtithe a dhéanamh i bpróiseas na measúnachta agus an fhíorúcháin ar sheasmhacht feidhmíochta (AVCP) chun críocha an RTF, agus le haghaidh monatóireachta ar chomhlachtaí ar tugadh fógra dóibh, lena n-áirítear an gcomhlíonnan na comlachtaí sin forálacha Airteagal 43.
I gcás na hÉireann, is é an Roinn seo an t-údarás atá ainmnithe le fógraí a thabhairt faoin RTF.
Ba cheart iarratas a dhéanamh ar stádas mar chomhlacht a dtugtar fógra dó a sheoladh chuig an roinn seo de réir Irish notification procedures for the purposes of the Construction Products Regulation (305/2011).
Tugann Irish National Accreditation Board (INAB) faoi chreidiúnu agus mhonatóireacht ar chomhlachtaí in Éirinn a dtugtar fógra dóibh. Ba cheart do chomhlachtaí a bhíonn ag iarraidh fógra a bheith tugtha dóibh chun críocha an RTF, iarratas a dhéanamh chuig INAB ar dtús ar an gcreidiúnú a bhaineann leis na seirbhísí is mian leo a sholáthar.