Acht um Thionóntachtaí Cónaithe - Cad iad mo chearta agus oibleagáidí faoi thionóntacht?

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 2 months 3 weeks ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 9 months 1 week

Tá cearta agus oibleagáidí tiarnaí talún agus tionóntaí leagtha amach sa dlí maidir le tiarnaí talún agus tionóntaí, agus sa chomhaontú léasa nó tionóntachta idir an tiarna talún agus an tionónta.  Tá an príomhreachtaíocht a rialaíonn na cearta agus na hoibleagáidí seo le fáil san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, arna leasú, ar féidir teacht ar an Irish Statute Book website.

Baineann an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe le gach áitreabh atá faoi réir tionóntachta, faoi réir líon teoranta eisceachtaí atá leagtha amach in alt 3(2) den Acht. Áirítear ar áiteanna cónaithe atá díolmhaithe ón Acht e.g. áiteanna cónaithe údarás poiblí, tithe saoire agus áiteanna cónaithe ina gcónaíonn an tiarna talún chomh maith. Tugadh áitribh a chuir Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe ar fáil ar cíos faoi shainchúram an Achta le héifeacht ó 7 Aibreán 2016.

Tá tuilleadh faisnéise faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe le fáil sa ‘Guide to the Residential Tenancies Act Leaflet' [‘Bileog ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe'].

Conas a socraítear mo chíos?

Socraítear cíosanna  de réir soláthar agus éileamh sa mhargadh. Ní cóir do thiarna talún níos mó ná ráta an mhargaidh a ghearradh. Agus athbhreithniú cíosa á dhéanamh aige/aici, ní mór do thiarna talún trí cinn de shamplaí de chíosanna d'áitribh chomhchosúla i limistéar inchomparáide a chur ar fáil chun a léiriú nach bhfuil an cíos níos airde ná cíos an mhargaidh. Go ginearálta, is féidir cíosanna a hathbhreithniú ach uair amháin gach 24 mhí, seachas sa chás gur tháinig athrú suntasach ar nádúr na cóiríochta atá le hathbhreithniú. Ní mór fógra 90 lá a thabhairt do thionóntaí maidir le cíos nua.

Mhol an Straitéis don Earnáil Chíosa, a foilsíodh i mí na Nollag 2016, go dtabharfaí Beart Intuarthachta Cíosa isteach chun srian a chur ar mhéaduithe cíosa sna codanna sin den tír ina bhfuil na cíosanna is airde agus ina bhfuil cíosanna ag ardú – sna háiteanna ina mbíonn deacrachtaí ag teaghlaigh cóiríocht a aimsiú atá ar a n-acmhainn . Rinneadh foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016 don Bheart Intuarthachta Cíosa agus do limistéir, ar a dtugtar Criosanna Brú Cíosa (RPZanna), áiteanna ina bhfuil cosc ar chíosanna a ardú, ach amháin le huasmhéid de 4% go bliantúil go ceann tréimhse 3 bliana.

Ní fhéadfaidh an chéad athbhreithniú cíosa eile i ngach tionóntacht atá ann cheana féin, lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i gCriosanna Brú Cíosa, a dhéanamh ach 24 mhí ar a laghad tar éis an ama roimhe sin ina leagadh síos an cíos. Mar sin féin, féadfar athbhreithnithe cíosa a dhéanamh ina dhiaidh sin i gCriosanna Brú Cíosa faoin mBeart Intuarthachta Cíosa tar éis tréimhse íosta 12 mhí.

Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hoibriú an Bhearta Intuarthachta Cíosa agus an chórais de RPZanna a fháil ar láithreán gréasáin an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) ag: www.rtb.ie

Slándáil tionachta

Le linn na chéad 6 mhí de thionóntacht, féadfaidh tiarna talún deireadh a chur leis an tionóntacht gan cúis ar bith a thabhairt, ar an gcoinníoll go dtugtar fógra 28 lá don tionónta.

Sa chás go raibh tionónta áitithe in áit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach 6 mhí agus nár seirbheáladh fógra um fhoirceannadh ar bith i ndáil leis an tionóntacht sin sular éag an tréimhse 6 mhí, bunaítear an tionóntacht don chuid eile den tréimhse ceithre mhí, tá an tionóntacht bunaithe go ceann ceithre bliana (maidir le tionóntachtaí ar cuireadh tús leo roimh 24 Nollaig) nó sé bliana (maidir le tionóntachtaí ar cuireadh tús leo ar 24 Nollaig 2016 nó ina dhiaidh).  Tugtar tionóntacht ‘Chuid 4’ air sin san Acht.

Níl cead ag tiarnaí talún nó ag tionóntaí tarraingt as ceann ar bith d’fhorálacha Chuid 4 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, agus níl cead comhaontú léasa nó tionóntachta ar bith, conradh léasa nó tionóntachta ar bith, nó conradh ar bith eile a oibriú chun forálacha Chuid 4 den Acht a éagsúlú nó a athrú.

Maidir le tionóntacht Cuid 4, déantar foráil in alt 34 den Acht go gcaithfidh an tiarna talún an chúis a bhfuil an tionóntacht á foirceannadh a shonrú agus ní bheidh an foirceannadh bailí mura mbaineann an chúis sin le ceann díobh seo a leanas:

  • theip ar an tionónta cloí le hoibleagáidí na tionóntachta;
  • tá sé de rún ag an tiarna talún an áit chónaithe a dhíol laistigh den chéad 3 mhí eile;
  • níl an áit chónaithe oiriúnach a thuilleadh do riachtanais an teaghlaigh atá áitithe inti;
  • tá an áit chónaithe de dhíth ar an tiarna talún do féin nó di féin le cónaí inti nó do bhall teaghlaigh le cónaí inti;
  • tá seilbh ghlan ag teastáil chun athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an áit chónaithe;
  • tá sé de rún ag an tiarna talún úsáid na háite cónaithe a athrú.

Déantar foráil in alt 56 den Acht sa chás go mí-úsáidtear an nós imeachta um fhoirceannadh in alt 34, gur féidir le tionónta gearán a dhéanamh le BTC gur bhain a dtiarna talún seilbh áite cónaithe díobh go héagórach.

Bíonn tréimhsí fógra éagsúla ann maidir le foirceannadh tionóntachta, ag brath ar fhad na tionóntachta, ach tá foráil déanta faoin Acht i leith tréimhsí suas le 224 lá do thiarnaí talún agus 112 lá do thionóntaí. Sa chás go bhfuil díospóid ann maidir leis an tréimhse chuí fógra atá le tabhairt i ndáil le tionóntacht nó bailíochtú fógra um fhoirceannadh, nó sa chás nach gcloíonn an tionónta leis an bhfógra um fhoirceannadh, is féidir an díospóid a chur ar aghaidh chuig BTC lena réiteach.

Sa chás go bhfanann tionónta i ndiaidh 4 bliana, (nó tar éis 6 bliana nuair is infheidhmithe),tugtar tionóntacht ‘Chuid 4 níos faide’ air sin san Acht. Is é sin tús le timthriall úr tionóntachta.