Riaráiste morgáiste údaráis áitiúil – bíonn cabhair le fáil
Is é an chéim is tábhachtaí ar féidir le haon teaghlach lena mbaineann riaráiste morgáiste déanamh ná idirghníomhú go luath le haonad tacaíochta riaráiste an údaráis áitiúil (i mbéarla amháin) . Bíonn réitigh ar fáil agus ba cheart comhairle a lorg a luaithe agus is féidir.
Le Cód Iompair an Bhainc Ceannais maidir le Riaráiste Morgáiste, ceanglaítear ar gach iasachtóir morgáiste a chinntiú go bhfuil Próiseas le Riaráiste Morgáiste a Réiteach (MARP) i bhfeidhm acu mar chreat le cáis riaráiste morgáiste a láimhseáil.
D’fhoilsigh an roinn treoirlínte d’údaráis áitiúla i mí Mheithimh 2014 dar teideal "Dealing with Mortgage Arrears - A Guide for Local Authorities".
Tá socruithe aisíocaíochta malartacha éagsúla ar fáil d’iasachtaithe údaráis áitiúil lena mbaineann riaráiste faoin MARP. Féadfaidh Scéim ‘Cíos in Ionad Morgáiste’ na nÚdarás Áitiúil (CIMÚA) réiteach a sholáthar do roinnt iasachtaithe.
I ngéarcháis anacra morgáiste, bíonn sé de rogha ag úinéirí tí féachaint le leas a bhaint as an bpróiseas dlíthiúil atá i bhfeidhm anois freisin le déileáil le dócmhainneacht phearsanta. Tá tuilleadh faisnéise ar an bpróiseas seo ar fáil ó Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (i mbéarla amháin) .
Tuilleadh Faisnéise
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh i dteagmháil leis an aonad tacaíochta riaráiste morgáiste san údarás áitiúil (i mbéarla amháin) .
- Ag Déileáil le Riaráiste Morgáiste – Treoir d’Údaráis Áitiúla (Meitheamh 2014) (i mbéarla amháin)
- Céimeanna Buntábhachtacha le Déileáil le Riaráiste Morgáiste (i mbéarla amháin)
- Á Shortáil Amach – Treoir le d’fhadhb le riaráiste morgáiste a réiteach (i mbéarla amháin)