An Treoir maidir le Níotráití

Céard é an Treoir maidir le Níotráití?

Tá an Treoir maidir le Níotráití (91/676/CEE) i bhfeidhm ó 1991. Féachann an treoir le huisce a chosaint ar thruailliú ó fhoinsí talmhaíochta agus le húsáid dea-chleachtas feirmeoireachta a chur chun cinn. Ceanglaítear ar gach Ballstát de chuid an AE Cláir Náisiúnta Ghníomhaíochta maidir le Níotráití (CGN) a ullmhú lena leagfar amach na rialacha maidir le haoiligh bheostoic agus leasacháin eile a bhainistiú agus a fheidhmiú.

Céard é Clár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití?

Dearadh Clár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití chun truailliú uiscí dromchla agus screamhuisce, a thagann ó fhoinsí talmhaíochta, a chosc agus chun cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú. Tháinig an tríú cláir dá leithéid in Éirinn i bhfeidhm in 2014 agus tiocfaidh sé i gcrích in 2017. Caithfidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh in aon chlár dá leithéid i ngach Ballstát:

  • teorainn ar mhéid an aoiligh bheostoic a chuirtear ar an talamh gach bliain
  • tréimhsí a shocrú nuair a chuirtear cosc ar leathú leasacháin ar thalamh mar gheall ar rioscaí
  • leibhéil chainníochta a shocrú maidir le stóráil aoiligh bheostoic

Ceanglaítear ar Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a CGN gach ceithre bliana ar a laghad freisin. Déanfar athbhreithniú ar Chlár Gníomhaíochta reatha na hÉireann den cheathrú huaire i rith 2017.

Le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) dá ngairtear na “Rialacháin maidir le Níotráití” nó “Rialacháin GAP” i gcoitinne, tugtar éifeacht dhlíthiúil do Chlár Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Níotráití. Liostaítear na Rialacháin is déanaí thíos:

Is iad Údaráis Áitiúla a bhíonn freagrach as na Rialacháin maidir le Níotráití a fhorghníomhú. Ba chóir aon chásanna laistigh dá n-abhantracha ina bhfeictear go bhfuil na rialacháin á sárú, a chur in iúl dóibh láithreach.

An Féilire maidir le Sgiodar a Leathadh

Ní féidir sgiodar a leathadh ar thalamh ón 15 Deireadh Fómhair go 12 / 15ú / 31ú Eanáir (ag brath ar an bpáirt den tír ina bhfuil feirm lonnaithe). Bíonn tréimhsí dúnta ina gcuid den Treoir i ngach Ballstát. Cinneadh na tréimhsí dúnta in Éirinn tar éis tréimhse chomhairliúcháin phoiblí fhorthleathain agus comhaontaíodh iad le comhlachtaí feirmeoireachta agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Braitheann gach gníomhaíocht maidir le sgiodar a leathadh ar thalamh ar an aimsir agus ar riocht na talún a bheith oiriúnach. Níor chóir aoiligh bheostoic nó aon leasacháin cheimiceacha a chur ar thalamh nuair a bhíonn sé leathbháite, faoi uisce nó nuair is dócha go mbeidh sé faoi uisce nó má táthar ag tuar go mbeidh báisteach throm ann faoi cheann 48 uair a’ chloig.

Céard é Maolú na hÉireannn?

In 2014, deonaíodh maolú d’Éirinn chun ráta stocála níos airde d’aoileach beostoic a cheadú do dhianfheirmeoirí ach iad a bheith ag comhlíonadh dianrialacha a ndéanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara maoirseacht orthu.

Leis an maolú, méadaítear teorainn an mhéid d’aoileach beostoic is féidir a chur ar an talamh ó 170cg/heicteár go dtí 210 cg/ heicteár gach bliain. In Éirinn, baineann tábhacht chriticiúil leis an maolú don tionscal déiríochta agus do na pleananna um leathnú faoi Food Harvest 2020. Rithfidh an maolú reatha go deireadh 2017, nuair a thiocfaidh an tríú clár i gcrích.

Catagóra 
Fo-Ábhar