Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

Reachtaíocht:

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 2 years 9 months ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 0 sec

Ceanglaítear san Acht Imeall Trágha 1933, arna leasú, nach mór léas nó ceadúnas a fháil ón An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (RTPPRÁ) chun oibreacha a dhéanamh ar imeall trá atá faoi úinéireacht an Stáit, arb ionann é agus formhór an imill trá, nó struchtúir nó ábhair a chur air, nó ábhair a chur ann nó a bhaint de.  Ní mór cead roimh ré a fháil ón Aire faoin Acht Imeall Trágha chomh maith chun struchtúir bhuana a thógáil ar imeall trá atá faoi úinéireacht phríobháideach.   (Glactar leis go bhfuil an t-imeall trá ar fad in Éirinn faoi úinéireacht an Stáit mura bhfuil teideal bailí eile curtha ar fáil).

Talamh Stáit is ea imeall trá laistigh de bhrí an Achta Maoine Stáit,1954 agus dá bhrí sin tá úinéireacht dá leithéid dílsithe san Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Leasaíodh an tAcht seo roinnt uaireanta leis an reachtaíocht seo a leanas:

  • An tAcht Imeall Trágha 1933, (Uimh 12 de 1933)
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) 1989 (I.R. Uimh. 349 de 1989);
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Leasú) 1999 (I.R. Uimh 93 de 1999);
  • An tAcht Imeall Trágha (Leasú),1992, (Uimh 17 de 1992);
  • An tAcht Iascaigh (Leasú),1997, (Uimh 23 de 1997) (Alt 67);
  • An tAcht Iascaigh agus Imeall Trá (Leasú), 1998 (Uimh. 54 de 1998) (Alt 5);
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Leasú), 1998 (I.R. Uimh 351 de 1998);
  • An tAcht Iascaigh (Leasú), 2003, (Cuid 5);
  • An tAcht um Shábháilteacht Mhuirí, 2005, (Uimh 11 de 2005) (Cuid 6);
  • An tAcht um Imeall Trá agus um Dhumpáil ar Farraige (Leasú), 2009, (Uimh 39 de 2009);
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Imeall Trá), 2009 (I.R. Uimh 404 de 2009);
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rannpháirtíocht an Phobail), 2010 (I.R. Uimh 352 de 2010);
  • An tAcht Imeall Trágha (Leasú), 2011, (Uimh 11 de 2011);
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. Uimh 477 de 2011);
  • Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 2012 (I.R. Uimh 433 de 2012);
  • Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Rochtain ar Athbhreithniú ar Chinntí le haghaidh Comhlachtaí nó Eagraíochtaí Áirithe a Chuireann Caomhnú Comhshaoil Chun Cinn) 2014 (I.R. Uimh. 352 de 2014)
  • Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Measúnú Oiriúnachta), 2014 (I.R. Uimh 544 de 2014).

Ceadaítear rochtain sa nasc thíos ar leagan comhdhlúite den Acht Imeall Trágha 1933 arna tháirgeadh ag an gCoimisiún um Athchóiriú Dlí (LRC) de réir a fheidhme reachtúla maidir le dlí na hÉireann a leasú agus a chomhdhlúthú.

Leagan comhdhlúite den Acht Imeall Trágha 1933 arna tháirgeadh ag an gCoimisiún um Athchóiriú Dlí (LRC)

 

Séanadh:

Feictear fógra séanta maidir le stádas dlíthiúil an doiciméid ar leathanach an teidil.   Ba chóir earráidí nó easnaimh a sheoladh chuig an LRC.

Forbairtí Amach Anseo:

I mí Iúil 2013 d’fhaomh an Rialtas dréachtú an Bhille um an Limistéar Muirí agus Imeall Trá (Leasú). Tá trí phríomhaidhm leis an mBille:

  • an córas ceada imeall trá a ailíniú leis an gcóras pleanála;
  • Measúnacht Tionchair Timpeallachta aonair a sholáthar le haghaidh tionscadal; agus
  • meicníocht chomhleanúnach a chur ar fáil chun forbairt a éascú agus a bhainistiú sa chrios eacnamaíoch eisiach (EEZ) agus ar an scairbh ilchríochach, amhail tionscadail ola agus gháis agus fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta.

Saineofar limistéar muirí sa Bhille chun an t-imeall trá, an EEZ agus an scairbh ilchríochach a chuimsiú.  Déanfar foráil ann gur cheart d’Údaráis Áitiúla nó don Bhord Pleanála na cinntí maidir le cead forbartha do thionscadail a dhéanamh, ag brath ar shuíomh, ar mhéid agus ar scála na forbartha, agus cibé an bhfuil EIA ag teastáil nó nach bhfuil.    Beidh ról amach anseo an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil teoranta do bhainistíocht a dhéanamh ar ghnéithe maoine na bhforbairtí thar ceann an Stáit agus ní bheidh ról ar bith aige i measúnacht timpeallachta na dtionscadal.

I ndiaidh fhaomhadh an Rialtais maidir le dréachtú an Bhille foilsíodh an Scéim Ghinearálta i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá an Bille á dhréachtú faoi láthair.

Catagóra 
Ábhar 

An raibh an leathanach cabhrach?

Go raibh maith agat as cuidiú linn housing.gov.ie a fheabhsú.

Cosaint Sonraí

Caithfidh custaiméirí de chuid na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil roinnt sonraí pearsanta a chur ar fáil ionas gur féidir leis an Roinn a cuid feidhmeanna reachtúla agus riaracháin a chur i gcrích. Is faoi rún a chaithfidh an Roinn le gach eolas agus sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. I gcásanna áirithe, nuair a dhéantar foráil ina leith sin faoin dlí, d'fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile. 

Is féidir teacht ar Bheartas na Roinne maidir le Cosaint Sonraí agus ar na Ráitis Príobháideachais, ina leagtar amach mar a bhainfimid úsáid as do chun sonraí pearsanta chomh maith le heolas a chur ar fáil ar do chearta mar ábhar sonraí, ar láithreán gréasáin na Roinne.  Is féidir cóip chrua a fháil díobh freisin ach iad a iarraidh, ón Oifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, ríomhphost data.protection@housing.gov.ie.