An Tairseach MTT
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é is an Tairseach MTT ann ná suíomh Gréasáin léarscáilbhunaithe ar líne lena dtugtar rochtain d’úsáideoirí ar iarratais ar thoiliú forbartha a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leo agus a rinneadh ón 16 Bealtaine 2017 i leith. Áirítear leis an Tairseach na hiarratais go léir ar thoiliú a dhéantar faoi na cóid reachtacha ábhartha, lena n-áirítear iarratais ar fhorbairtí ar an gcladach agus iarratais ar fhorbairtí amach ón gcósta. Is féidir suíomh Gréasáin na Tairsí MTT a rochtain ag Tairsí MTT (i mBéarla amháin)
Príomhionstraim de bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh is ea Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT). Is é an príomhchuspóir atá ag an Treoir um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Treoir 2011/92/AE arna leasú le Treoir 2014/52/AE) ná a áirithiú nach ndeonófar toiliú forbartha do thionscadail phoiblí agus phríobháideacha ar dóigh dóibh tionchar suntasach a bheith acu ar an timpeallacht ach amháin tar éis measúnacht a dhéanamh ar an móréifeachtaí dóchúla timpeallachta a bheidh ag na tionscadail sin i.e. Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT). Déantar Measúnacht Tionchair Timpeallachta ar bhonn na faisnéise cuí a sholáthraíonn an forbróir (Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta), rud a bhféadfaidh na húdaráis agus na pobail ar dóigh dóibh imní a bheith orthu faoin tionscadal i gceist cur leis. Cuid thábhachtach den phróiseas measúnachta is ea rannpháirtíocht an phobail agus ceadaítear d’aon duine aon tuairimí nó ábhair imní atá aige faoi thionscadal ar leith a chur in iúl lena mbreithniú mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.
Chun a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht éifeachtach ag an bpobal sa chinnteoireacht, ceanglaítear leis an Treoir um Measúnacht Tionchair Timpeallachta go dtugtar fógra leictreonach don phobal faoi iarratais ar thoiliú forbartha atá faoi réir Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT).
Tá an Tairseach MTT ina phointe lárnach le haghaidh fógra a thabhairt don phobal faoi na hiarratais go léir ar thoiliú forbartha atá faoi réir Measúnacht Tionchair Timpeallachta, lena n-áirítear forbairt, oibreacha nó gníomhaíochtaí, a dhéantar ar fud na tíre agus faoi chóid reachtacha éagsúla. Is leis an Tairseach MTT freisin a thugtar rochtain ar na hiarratais sin agus a thugtar nasc chuig an bhfaisnéis agus na doiciméid ábhartha atá bainteach leis an iarratas agus atá i seilbh na n-údarás ábhartha atá freagrach as iarratais den sórt sin a cheadú (ar a dtugtar údaráis inniúla). Leis an Tairseach MTT, tugtar deis luath éifeachtach d’aon duine páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta cinnteoireachta i gcás go n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta.
Léirítear ar an Tairseach MTT faisnéis faoi iarratais ar thoiliú forbartha atá faoi réir Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus a rinneadh chuig na húdaráis inniúla ábhartha ón 16 Bealtaine 2017 i leith. Chun a áirithiú go gcoimeádfar ar an Tairseach MTT an fhaisnéis faoi na hiarratais go léir a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith, ceanglaítear, faoi chóid reachtacha éagsúla, ar iarratasóirí ar thoiliú forbartha atá faoi réir Measúnacht Tionchair Timpeallachta fógra a thabhairt don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoin iarratas sula dtosaítear na comhairliúcháin a éilítear faoin bpróiseas Measúnachta Tionchair Timpeallachta nó i dtús na gcomhairliúchán sin. Déantar aon fhaisnéis a fhaigheann an Roinn a uaslódáil chuig an Tairseach MTT laistigh de 3 lá oibre.
Baintear úsáid as léarscáil ar an Tairseach MTT chun láthair gach iarratais ar thoiliú forbartha a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis a shainaithint. Liostaítear ar an Tairseach freisin ainm an iarratasóra, an cineál forbartha atá beartaithe, agus an t-údarás inniúil a ndéantar an t-iarratas chuige. Tabharfar ar an Tairseach MTT freisin an fógra nuachtáin faoin iarratas.
Cuirfear nasc chuig faisnéis faoi iarratas ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil ar fáil tar éis don údarás inniúil ábhartha an t-iarratas a fháil.
Chun críocha fógra tosaigh luath a thabhairt faoi thionscadail bheartaithe ar fud na tíre a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith, is teoranta atá an fhaisnéis atá ar fáil ar an Tairseach MTT. Maidir leis an bhfaisnéis mhionsonraithe faoin iarratas, lena n-áirítear doiciméid amhail léarscáileanna agus tuarascálacha, i measc nithe eile, faoin bpróiseas rannpháirtíochta pobail, faoin dul ar aghaidh chuig céim an chinnidh, agus faoi aon achomharc a dhéantar, cuirfear ar fáil í ar shuíomh Gréasáin an údaráis inniúil. Féach na ceisteanna coitianta agus an séanadh thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar thoiliú forbartha chuig údarás inniúil le haghaidh tionscadal a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith, nó má tá sé beartaithe agat déanamh amhlaidh, féach “Faisnéis d’iarratasóirí” thíos
Más rud é gur údarás inniúil thú agus go bhfuil cinneadh á dhéanamh agat ar iarratas a rinneadh ar thoiliú forbartha le haghaidh tionscadal a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith, féach “Faisnéis d’Údaráis Inniúla” thíos