Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

Seolann an Taoiseach agus an tAire Coveney an comhairliúchán poiblí ar “Éire 2040 – Ár bPlean”, an Creat Náisiúnta Pleanála nua

Foilsithe an Déardaoin, 02 Fea 2017
Ireland 2040 - Our Plan

Rinne an Taoiseach agus an tAire Simon Coveney seoladh inniu (Déardaoin an 2 Feabhra) in Ollscoil Mhá Nuad ar mhórchomhairliúchán náisiúnta le haghaidh creat pleanála agus forbartha straitéisí d’Éirinn a ullmhú don tréimhse idir seo agus an bhliain 2040. Is é atá san imeacht inniu ná an chéad cheann de dhá ghníomh comhairliúcháin phoiblí agus de shraith imeachtaí réigiúnacha agus imeachtaí geallsealbhóirí chun Éire 2040 – Ár bPlean a ullmhú.

Ag labhairt ag an seoladh dó, dúirt an Taoiseach Enda Kenny:

“Is é is Éire 2040 – Ár bPlean ann ná plé ar conas a d’fhéadfaí dul chun cinn atá marthanach, fadtéarmach agus cothromaithe ó thaobh réigiún de a dhéanamh ar chúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil. Is tráthúil anois smaoineamh ar a mbeidh i ndán don oileán ar fad san fhadtéarma – agus ar conas pleanáil ina leith. Baineann tábhacht leis sin agus sin é an fáth ar cuireadh ar áireamh é i gClár an Rialtais. Mar gheall ar an bhfilleadh ar chobhsaíocht, is ann do roinnt réamh-mheastachán agus dúshlán ar dócha go dtiocfaidh siad aníos agus nach mór dúinn tús a chur láithreach le pleanáil ina leith. An chéad chéim de mhórphróiseas comhairliúcháin is ea an páipéar seo. Is é aidhm an phróisis a chinntiú nach ndéanfaimid choíche na meancóga pleanála a rinneadh san am atá thart. Ní mór do gach pobal agus do gach réigiún a gcuid tuairimí a chur in iúl.”

Simon Coveney, an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, atá i gceannas ar fhoireann thras-Rannach ardleibhéil chun Plean Éire 2040 a fhorbairt, thug sé breac-chuntas ar na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu le hullmhú an phlean:

“Cé go bhfuilimid ag dul i ngleic leis an iomad dúshlán faoi láthair, is eol dúinn nach mór dúinn smaoineamh chun tosaigh ar an gcuma an-difriúil a bheidh ar Éirinn sa bhliain 2040, lena n-áireofar:

  • Méadú de thart ar 1 mhilliún duine ar dhaonra na tíre;
  • Breis agus duine amháin in aghaidh gach cúigir i ndaonra na hÉireann a bheith os cionn 65 bliana d’aois;
  • Níos mó ná 500,000 duine sa bhreis i mbun oibre;
  • 500,000 teach nach mór a bheith suite i bhfad níos gaire do sheirbhísí agus do shaoráidí; agus
  • saol an phobail agus an saol tráchtála a atógáil i lár ár gcuid cathracha agus bailte agus cáilíochtaí éagsúla ár bpobal tuaithe a chosaint

Táimid ag iarraidh thuairimí an phobail faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh agus faoi conas is féidir linn oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar shraoilleáil agus ar fhorbairt leataobhach, úsáid níos fearr a bhaint as acmhainneacht na gceantar uirbeach agus na gceantar tuaithe araon, agus plódú agus drochthionchar ar shaol an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint”

Leag Damien English, an tAire um Thithíocht agus Athnuachan Uirbeach, béim ar an deis atá ag an bpobal cur leis an bPlean agus é a mhúnlú. Dúirt sé:

“Ní mór Plean an Phobail a bheith in Éire 2040 – Ár bPlean. Ní mór é a bheith bunaithe ar thuairimí an phobail faoin gcuma a bheidh ar ár dtír agus ar a ceantair uirbeacha agus a ceantair thuaithe sa todhchaí. Is tuairimí iad nach mór a chur san áireamh sa chéim tosaigh seo agus sa dréachtstraitéis bhreise a fhoilseofar roimh an samhradh, rud a ndéanfaidh an tOireachtas breithniú air níos moille i mbliana mar chuid den straitéis deiridh.  Táim ag súil go leagfaidh daoine béim ar an ngá le pobail atá ann cheana a neartú agus a fheabhsú, bíodh siad ina sráidbhailte tuaithe nó ina mbailte beaga atá ag fulaingt go mór le blianta beaga anuas nó bíodh athnuachan agus feabhsú lár roinnt mhaith dár gcuid cathracha agus bailte móra i gceist leo, a bhfuil roinnt díobh ina gceantair a dteastaíonn athghiniúint agus athdhaonrú go mór uathu. Is é sin an chuid den Phlean ar a mbeidh mé ag díriú.”

Ag deireadh an tseolta, ghabh an Taoiseach agus na hAirí buíochas leis an éascaitheoir agus leis an bpainéal as páirt a ghlacadh san fhóram ceisteanna agus freagraí. Bhí siad buíoch go háirithe den tacaíocht a fuarthas ón Ollamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, agus ó fhoireann Ollscoil Mhá Nuad. Mar fhreagra, dúirt an tOllamh Nolan: “Molaim an Taoiseach, an tAire Coveney agus an tAire English go mór as deis a thabhairt do mhuintir na hÉireann breithniú a dhéanamh ar an iomad saincheist agus rogha a mbeidh tionchar chomh suntasach sin acu ar ár dtír san fhiche bliain romhainn.”

Tá sonraí iomlána ar fáil ar www.Ireland2040.ie agus iarrtar ar an bpobal tuairimí tosaigh a chur isteach faoin 16 Márta. Bainfear leas as na tuairimí sin chun dréachtchóip den Phlean a chur le chéile. Is dócha go n-eiseofar an dréachtchóip sin roimh an samhradh le haghaidh tuilleadh comhairliúcháin. Tar éis tuairimí an phobail a chur san áireamh an athuair, is dócha go gcuirfear leagan deiridh den phlean faoi bhráid an Rialtais san fhómhar.

Lean sinn ar Twitter @ire2040   #Ireland2040 

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Cad is an Creat Náisiúnta Pleanála ann?

  • Le “Éire 2040 – Ár bPlean”, an Creat Náisiúnta Pleanála, socrófar comhthéacs nua pleanála agus forbartha straitéisí d’Éirinn agus dá réigiúin uile sa tréimhse idir seo agus an bhliain 2040. Leis sin, socrófar creat straitéiseach ardleibhéil le haghaidh comhordú a dhéanamh ar raon beartas agus gníomhaíochtaí agus ar phleanáil agus infheistíocht ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ar leibhéal an údaráis áitiúil.
  • Tá sé in am an creat a fhorbairt mar gheall ar an ngá le plean fadtéarmach a chur i bhfeidhm le haghaidh fás inbhuanaithe, ós rud é go bhfuil an t-airgeadas náisiúnta cobhsaithe againn agus go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn an athuair ar réimsí na forbartha geilleagraí agus na forbartha sóisialta, d’ainneoin dálaí geilleagracha atá ag eascairt as saincheisteanna amhail an Breatimeacht.
  • Mar gheilleagar oscailte atá rathúil agus dinimiciúil agus ag a bhfuil naisc láidre soir, siar, ó thuaidh agus ó dheas leis an Ríocht Aontaithe, leis an Aontas Eorpach, leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha eile ar domhan, tá creat nua ag teastáil chun teacht i gcomharbacht ar an Straitéis Spáis Náisiúnta, a bhí i mbun feidhme idir an bhliain 2002 agus an bhliain 2020. Tá sé ag teastáil freisin chun forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh earnála de chuid an Rialtais agus iad a chur le chéile i réimsí amhail tithíocht (an Plean Rebuilding Ireland), saincheisteanna tuaithe (an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe), fostaíocht (an Plean Gníomhaíochta do Phoist), i measc roinnt mhaith réimsí eile.
  • Ón taobh praiticiúil de, soláthrófar leis an gCreat Náisiúnta Pleanála treoir beartais thábhachtach nua maidir leis na saincheisteanna seo, i measc raon saincheisteanna eile:
    • Soláthar a dhéanamh do threochtaí agus d’fhás sa todhchaí i dtaca le fostaíocht agus le tithíocht;
    • An bealach is éifeachtaí chun cur ar chumas gach ceann de réigiúin na hÉireann páirt iomlán a ghlacadh san fhorbairt náisiúnta fhoriomlán;
    • An meascán ceart de bhonneagar fisiceach agus de bhonneagar sóisialta a thabhairt do na réigiúin de réir na n-acmhainní atá ar fáil agus ar bhonn tosaíochta;
    • Ár bhforbairt a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos glaise; agus
    • Feabhas a chur ar na deiseanna le cur chuige oileáin a ghlacadh i leith ár bhforbartha.
  • Mar straitéis, sainaithneofar leis an gCreat na réimsí ar fud an Rialtais láir agus an Rialtais áitiúil ina bhféadfar comhordú beartais agus infheistíocht stuama a chomhcheangal chun na torthaí is fearr a sholáthar dár dtír ina hiomláine agus dá réigiúin.
  • Tabharfar aghaidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála ar threochtaí éiritheacha amhail:
    • Daonra a bhféadfaí a mhéadú faoi suas go dtí 1 mhilliún duine, a mbeidh breis agus duine amháin in aghaidh gach cúigir díobh os cionn 65 bliana d’aois faoin mbliain 2040;
    • Breis agus 500,000 duine sa bhreis i mbun oibre, a mbeidh roinnt mhaith díobh ag obair i bpoist ardoilte a bhíonn ag comhchruinniú timpeall na gcathracha agus istigh iontu de ghnáth;
    • An gá le 500,000 teach sa bhreis a chur ar fáil, agus iad a chur ar fáil gar do sheirbhísí agus do shaoráidí; agus
    • Na háiteanna ina mbeartaímid forbairtí amach anseo a lonnú iontu agus conas a bhainistímid forbairtí atá ann cheana chun a chinntiú go dtugaimid aghaidh ar mhórdhúshláin chomhshaoil amhail cosaint an aeir, cáilíocht an uisce, an bhithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide, agus ár gcórais fuinnimh agus iompair a aistriú amach ó spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus a bhrú i dtreo fuinneamh glas.
  • Tabharfar aghaidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála freisin ar na treochtaí a fhágfaidh, mura nglactar cur chuige bainistíochta difriúil, go mbeidh thart ar thrí cheathrú de na daoine breise agus de na bailte breise lonnaithe in oirthear na tíre agus go mbeidh an-chuid díobh cruinnithe thart ar ár bpríomhchathair, cé nach gá go mbeidh sé comhchruinnithe istigh inti.  Leis sin, géarófar sraoilleáil ollmhór limistéar tithíochta, rud atá ag dul ó smacht, mar aon le fostaíocht scaipthe agus comaitéireacht charrbhunaithe. Chruthódh sé sin dúshláin mhóra maidir le forbairt leataobhach, le hacmhainneacht thearcúsáidte, le plódú tráchta agus le drochthionchar ar shaol an duine agus ar an gcomhshaol.
  • Le fírinne, tá a lán fianaise ann lena dtugtar le tuiscint go ndéanfaí dochar nach bhfuil aon dul siar air d’ionchais leathana na hÉireann ón taobh geilleagrach agus sóisialta de agus ó thaobh an chomhshaoil de dá nglacfaí cur chuige leataobhach i leith forbairt straitéiseach náisiúnta. Dá bhrí sin, tabharfar aghaidh leis an gCreat ar an tsaincheist um leathnú Bhaile Átha Cliath mar phríomh-mheicníocht le haghaidh fáis maidir le huirlisí frithchothromaithe fónta a éascú. Tabharfar aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas freisin:
    • Tithíocht: Beidh orainn idir 25,000 agus 30,000 teach nua a chur ar fáil gach bliain chun freastal ar riachtanais na ndaoine le haghaidh tithe atá dea-lonnaithe agus ar phraghas réasúnta, ag féachaint don éileamh méadaitheach ar fhreastal ar thithe a mbeidh duine amháin, beirt agus daoine breacaosta ina gcónaí iontu. Ó thaobh láithreach de, tá ag méadú ar an nasc idir tithíocht agus fostaíocht. Is é an toradh a bheadh ar thithe agus poist a lonnú gar dá chéile ná go mbeadh plódú tráchta agus comaitéireacht íoslaghdaithe agus go mbeadh sé i bhfad níos fusa seirbhísí agus bonneagar a chur ar fáil.
    • Fostaíocht: Méadóidh na scileanna a theastóidh le haghaidh post agus beidh dóchúlacht níos airde ann go n-athróidh daoine a bpost ar bhonn níos minice. Tá dhá mhilliún duine i mbun oibre in Éirinn agus tá fianaise ann lena dtugtar le tuiscint go bhfuil an acmhainn ag Éirinn a geilleagar a fhorbairt ar bhealach lena gcruthófaí 500,000 post sa bhreis faoin mbliain 2040, d’ainneoin dúshláin gheilleagracha leathana agus le linn treochtaí fadtéarmacha san am atá thart a chur san áireamh. Cruthófar an-chuid de na poist sin gar dár gcuid cathracha agus bailte nó istigh iontu.
    • Seirbhísí Bonneagair agus Saoráidí: Chun forbairt inbhuanaithe ár dtíre a chinntiú, ní mór dúinn pleanáil le haghaidh na saoráidí oideachais, sláinte agus pobail atá ag éirí níos tábhachtaí maidir le cáilíocht na beatha agus folláine an duine ar an dóigh chéanna a bpleanálaimid le haghaidh bonneagar fisiceach traidisiúnta atá “riachtanach”, amhail seirbhísí uisce, iompar, cumarsáid, leathanbhanda agus córais fuinnimh.
    • Áit: Mórchuid de bheartas fiontraíochta na hÉireann faoin bPlean Gníomhaíochta do Phoist is ea comhfhorbairt áite. Is minic a aithnítear go bhfuil sí ar an ngné is tábhachtaí maidir le héiceachórais eacnamaíocha den sórt sin a chruthú i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe ar mhaith le daoine cónaí agus obair iontu, agus leas á baint as baiclí fostaithe oilte, as rogha leathan tithe agus post dea-lonnaithe agus as raon leathan deiseanna eile ‘stíl mhaireachtála’, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fóillíochta agus roghanna éagsúla cultúir agus siamsaíochta. Tá taithí againn air sin in Éirinn mar gheall ar an athghiniúint a rinneadh i gceantair dár gcathracha, amhail Ceantar Dugaí Átha Cliath agus beogacht agus tarraingteacht cathracha ar nós na Gaillimhe agus Chorcaí. Tá sé feicthe againn freisin i gceantair thuaithe rathúla ár dtíre, rud a leagtar béim air sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a foilsíodh le déanaí.
    • Is é atá in áiteanna rathúla, bíodh siad beag nó mór, bíodh siad lonnaithe i gceantar uirbeach nó i gceantar tuaithe, bíodh siad in Éirinn nó i dtír eile, ná léiriú go bhféadfaidh láithreacha nach bhfuil ag éirí chomh maith agus ba cheart dóibh a bheith ina n-áiteanna rathúla a mealltar daoine chucu má dhéantar pleanáil agus infheistíocht atá faoi threoir beartais agus a spriocdhírítear go cúramach.
    • Soláthar: Beidh sé riachtanach ceachtanna a fhoghlaim ón Straitéis Spáis Náisiúnta a bhí i bhfeidhm roimhe. Seoladh í sa bhliain 2002 agus bhí idir mhaith agus olc ina cuid éachtaí. Cé gur leis an Straitéis Spáis Náisiúnta a rinneadh athchóirithe pleanála agus a tionscnaíodh infheistíocht chaipitil i réimsí amhail iompar, seirbhísí uisce agus tithíocht chun tacú léi, d’fhág an easpa cur chun feidhme a rinneadh uirthi san iomlán, i dteannta an chúlaithe eacnamaíochta a thit amach sa bhliain 2008 agus a lean ar aghaidh sna blianta ina diaidh, nár éirigh leis an Straitéis Spáis Náisiúnta a hacmhainneacht mar chreat forbartha a bhaint amach sa deireadh.  Is ag an am seo amháin agus tar éis staid gheilleagrach ár dtíre a chobhsú le gníomhartha marthanacha Rialtais is féidir linn smaoineamh ar an bhfadtéarma.
    • Beidh an Creat Náisiúnta Pleanála ina dhoiciméad straitéiseach achomair ina leagfar gníomhartha, freagrachtaí agus sceidil amach go soiléir. Beidh sé athléimneach maidir le hoiriúnú do dhálaí geilleagracha, bíodh tosca seachtracha amhail an Breatimeacht nó tosca eile mar chúis leo.
  • Cad a Tharlóidh mura nDéanaimid Rud ar Bith?: Mura ndéanaimid rudaí ar bhealach eile agus má leanaimid ar aghaidh lena ndearnadh le fiche bliain anuas, is dóigh go leanfaidh an scéal mar atá thar an gcéad fhiche bliain eile. Is é sin, beidh ár mbóithre agus lár ár gcathracha plódaithe go fóill; beidh ár mbruachbhailte ag leathnú i gcónaí; agus beidh Cósta Thoir a bhfuil róbhorradh ag teacht faoi agus acmhainneacht réigiúnach atá á tearcúsáid mar shaintréith ag an tír:
    • Leanfaidh Baile Átha Cliath de bheith i réim agus tá baol ann go dtiocfaidh róbhorradh faoi. Má tharlaíonn sé sin, tarraingeoidh Baile Átha Cliath níos mó agus níos mó den fhorbairt náisiúnta fhoriomlán agus sínfidh an chathair isteach sna contaetha máguaird i gCúige Laighean;
    • Cé go dtiocfaidh fás ar chathracha réigiúnacha amhail Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge, ní bheidh an fás sin leordhóthanach chun breith suas le Baile Átha Cliath;
    • Mar gheall ar mhórthreochtaí idirnáisiúnta agus eacnamaíocha i “bhfáinní” uirbeacha agus i bhfáinní tuaithe atá á n-uirbiú thart ar na cathracha, leanfaimid le tithíocht a thógáil níos faide agus níos faide ar shiúl ó na ceantair a bhfuil sé beartaithe poist a chomhchruinniú iontu, rud a chruthóidh costais mhéadaitheacha agus a dhéanfaidh difear méadaitheach do chomaitéireacht, do sholáthar seirbhísí, do shláinte daoine agus don chomhshaol; agus
    • Tiocfaidh meath méadaitheach ar chuid mhór bailte agus sráidbhailte beaga tuaithe agus na mórcheantair thuaithe máguaird nach bhfuil suite i gcóngaracht na gcathracha móra, na mbailte móra ná áiteanna móra turasóireachta amhail Slí an Atlantaigh Fhiáin.
  • Mura ndéantar aon athrú ar an mbeartas reatha, ní bheifear in ann comhluachanna agus comhspriocanna náisiúnta a bhaint amach, mar shampla: geilleagar agus áit trádála atá iomaíoch agus oscailte a choinneáil ar bun; dea-chaighdeán saoil a chinntiú do gach saoránach; pobail atá sábháilte, bríomhar agus cuimsitheach a chruthú; dea-shláinte agus dea-fholláine ar feadh an tsaoil a chinntiú; agus na hoibleagáidí comhshaoil atá orainn agus na spriocanna atá againn ó thaobh astaíochtaí carbóin de a chomhlíonadh.
  • Bealach Eile: Sula ndéanfaidh an Rialtas breithniú air, cuirfear an Creat Náisiúnta Pleanála ar fáil i ndréachtfhoirm le haghaidh babhta eile comhairliúcháin phoiblí tar éis na Cásca. Déanfaidh an tOireachtas breithniú ar an gCreat níos déanaí sa bhliain 2017 (rud a bhí ar cheann de na príomh-mholtaí ó Bhinse Mahon). Ina dhiaidh sin, beidh an Creat ar an bplean barrleibhéil maidir le próiseas pleanála na hÉireann agus maidir leis na nithe seo a leanas:
    • An bealach a réiteach le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe Bhaile Átha Cliath, ar forbairt í a bheidh i gcomhréir leis an bhforbairt sa chuid eile den tír agus nach sáróidh an fhorbairt sna ceantair sin;
    • Sainaithint a dhéanamh ar mheicníochtaí trínar féidir leas a bhaint as na leibhéil shuntasacha acmhainneachta tearcúsáidte i gcathracha réigiúnacha trí bheartais agus infheistíocht atá dírithe go cúramach a chur i bhfeidhm mar uirlisí breise náisiúnta/idirnáisiúnta chun forbairt Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a fhrithchothromú tuilleadh;
    • A chinntiú go mbainfear an chuid is fearr as acmhainneacht ollmhór na gcodanna tuaithe dár dtír, lena n-áirítear na gnéithe talún agus na gnéithe muirí araon.
    • Cuirfear cúrsaí seachtracha san áireamh sa Chreat freisin, agus aitheantas á thabhairt do na deiseanna atá ann obair a chur i gcrích ar bhonn uile-oileáin (le Tuaisceart Éireann), ar bhonn thoir-thiar leis an Ríocht Aontaithe, ar bhonn idirnáisiúnta, i gcomhpháirt leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir leis na creataí náisiúnta pleanála atá i bhfeidhm in údaráis chomharsanacha i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.
  • Cad é an Chéad Chéim Eile? Foilsíodh páipéir chomhairliúcháin an 2 Feabhra do shaoránaigh, d’eagraíochtaí leasmhara, d’údaráis phoiblí agus d’aon duine a bhfuil spéis acu ina bhfuil i ndán dár dtír agus atá sásta a dtuairimí a chomhroinnt chun cabhrú leis an gCreat-Phlean nua a chruthú agus chun bonn eolais a chur faoi.  Mar chéad chéim eile, reáchtálfar sraith imeachtaí réigiúnacha agus gníomhaíochtaí cumarsáide chun tacú le forbairt an phróisis le linn na bliana 2017.
  • Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil ag www.ireland2040.ie.

Cuireadh fóram ceisteanna agus freagraí ar siúl le linn an imeachta seolta in Ollscoil Mhá Nuad, rud a bhí faoi stiúir ag David McWilliams, eacnamaí agus craoltóir.

Bhí an painéal comhdhéanta de na daoine seo a leanas: Anna Marie McHugh, Ard-Rúnaí na hEagraíochta Domhanda Treabhdóireachta; Carole Pollard, Uachtarán ar Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann; Fergal O'Brien, Stiúrthóir Beartais agus Príomh-Eacnamaí, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC); Michael Walsh, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge; Stephanie Keogh, an Lárionad Náisiúnta um Gheoiríomhaireacht, Ollscoil Mhá Nuad; Tom Arnold, Ard-Stiúrthóir na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha.

Catagóra