Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

Rialtas Áitiúil-Struchtúir agus Feidhmeanna

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 10 months 1 week ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 1 month 3 weeks

Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a dhéanann maoirseacht ar an gcóras rialtais áitiúil, agus an creat beartais á sholáthar aici a n-oibríonn agus a soláthraíonn na húdaráis áitiúla seirbhísí laistigh de do na pobail a ndéanann siad ionadaíocht ar a son agus ar a bhfreastalaíonn siad.  Tacaíonn an Roinn le rialtas áitiúil freisin ina ról maidir le folláine agus cáilíocht beatha na saoránach agus na bpobal a chur chun cinn trí fheidhmíocht éifeachtach feidhmeanna agus trí sheirbhísí de luach maith a sholáthar ar leibhéal áitiúil.

An Creat Dlíthiúil

Le hAirteagal 28A de Bhunreacht na hÉireann (nasc seachtrach)aithnítear an ról atá ag rialtas áitiúil maidir le fóram a sholáthar d’ionadaíocht dhaonlathach na bpobal agus maidir le cumhachtaí a fheidhmiú agus a chur i gcrích arna mbronnadh ag an dlí. Soláthraítear ráthaíocht leis freisin go mbíonn toghcháin ar siúl gach cúig bliana.

Is é an tAcht um Rialtas Áitiúil 2001 (nasc seachtrach) (arna leasú agus arna nuashonrú go mór leis an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014) an cód reachtach príomhúil lena dtacaítear le struchtúir, cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais rialtais áitiúil in Éirinn.

Sa bhreis ar Acht 2001, téann raon de reachtaíocht eile i bhfeidhm ar oibriú na n-údarás áitiúil lena bpléitear go minic le seirbhísí sainiúla (m.sh. tithíocht, bóithre, pleanáil, dramhaíl, srl) agus ba cheart dul i gcomhairle leo, nuair is ábhartha.

Struchtúir

Tá gach comhairle contae, comhairle cathrach agus comhairle contae agus cathrach roinnte ina toghcheantair áitiúla agus toghtar comhaltaí na n-údarás áitiúil sna toghcheantair sin.  Déantar na toghcheantair áitiúla agus líon na gcomhaltaí a bhíonn le toghadh i ngach ceann acu a shonrú in ionstraim reachtúil do gach limistéar údaráis áitiúil.  Is é 2014 an bhliain is deireanaí ar cruthaíodh ionstraimí dá leithéid do gach limistéar ach amháin Cathair Chorcaí, a cruthaíodh in 2008.

Seo a leanas an miondealú idir údaráis áitiúla ag leibhéal contae, cathrach, agus contae agus cathrach:

Tá 31 údarás áitiúil ann

•  26 chomhairle contae, a bhfuil trí chinn acu suite i mBaile Átha Cliath (Fine Gall, Dún Laoghaire-Rath an Dúin agus Baile Átha Cliath Theas)

• 3 chomhairle cathrach: Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh

• 2 chomhairle cathrach agus contae: Luimneach agus Port Láirge

Comhairlí agus Comhairleoirí - Grafac faisnéise

Feidhmeanna

Is comhlachtaí ilchuspóireacha iad údaráis áitiúla atá freagrach as raon leathan de sheirbhísí a sholáthar maidir le bóithre; trácht; pleanáil; tithíocht; forbairt eacnamaíoch agus pobail; an comhshaol; seirbhísí áineasa agus conláiste; seirbhísí dóiteáin agus clár na dtoghthóirí a choimeád.

Seirbhísí arna soláthar ag Comhairlí

Tá freagrachtaí sna comhairlí roinnte sa dá réimse:

  • feidhmeanna forchoimeádta (don chomhairle thofa)
  • feidhmeanna feidhmiúcháin (don phríomhfheidhmeannach)

Déantar cinntí beartais trí rúin thromlaigh arna rith ag na comhairlí tofa le linn cruinnithe na comhairle.  Tá siad sin forchoimeádta don chomhairle thofa agus is ‘feidhmeanna forchoimeádta’ iad. Áirítear le cuid de na feidhmeanna forchoimeádta, buiséad bliantúil a rith, cinntí beartais maidir le tithíocht agus beartais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.

Féadfar na cinntí sin a dhéanamh ar 2 leibhéal:

  • Comhairle iomlán (leibhéal iomlánach)
  • Leibhéal ceantair bhardasaigh/uirbigh/buirge/leibhéal an choiste ceantair

Gníomhaíonn comhaltaí an cheantair bhardasaigh mar fho-fhoirmíocht chinnteoireachta den chomhairle fhoriomlán maidir lena limistéar ceantair bhardasaigh.

Is é dualgas an phríomhfheidhmeannaigh in éineacht leis na stiúrthóirí seirbhísí agus le baill eile na foirne bainistíochta de chuid an údaráis áitiúil an chomhairle thofa a chomhairliú agus a chuidiú agus na ‘feidhmeanna feidhmiúcháin’ á gcur i gcrích acu. Bainistíonn an príomhfheidhmeannach, arna chuidiú ag foireann bainistíochta sinsearaí, údarás áitiúil ar bhonn laethúil. Áirítear le cuid de na freagrachtaí a bhíonn ag an bpríomhfheidhmeannach cuspóirí straitéiseacha a sholáthar de réir mar atá leagtha amach sa phlean corparáideach, scéimeanna a riar agus deontais a leithdháileadh. Áirítear le réimsí beartais a bhíonn faoi fhreagracht an phríomhfheidhmeannaigh iompar, tithíocht shóisialta, forbairt eacnamaíoch agus rialachas an údaráis áitiúil.

Comhaltaí Tofa

Tá 949 comhairleoirí sa tír, agus tá ballraíocht na gcomhairlí in údaráis áitiúla idir 18 agus 63.

Toghtar comhaltaí do thoghcheantar áitiúil a bhaineann le húdarás áitiúil. Má bhíonn an toghcheantar áitiúil sin suite i gceantar bardasach, cuimsítear ballraíocht na comhairle leis na comhaltaí sin don cheantar bardasach sin agus comhdhéanann siad cuid den chomhairle iomlánach (iomlán) don údarás áitiúil iomlán.

Ceantair Bhardasacha

Is limistéar é ceantar bardasach de limistéar comhairle lena gcuimsítear toghcheantar amháin nó níos mó. Sna cásanna is mó is ionann an toghcheantar agus an ceantar bardasach. Déanann comhaltaí an cheantair bhardasaigh cinntí áirithe maidir leis na ceantair, agus cuid d’fheidhmeanna forchoimeádta na gcomhairleoirí tofa á feidhmiú acu.

Tá na contaetha agus cathracha uile seachas na húdaráis áitiúla sna limistéir Dún Laoghaire, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas agus cathracha Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Gaillimhe roinnte ina gceantair bhardasacha. Ionadaíonn comhairleoirí an ceantar bardasach agus an t-údarás áitiúil araon. San iomlán, tá 95 cheantar bardasach sa tír.

Tugtar ceantair uirbeacha ar na ceantair bhardasacha ina bhfuil na limistéir a bhí clúdaithe roimhe seo ag comhairlí cathrach Luimnigh, Phort Láirge agus Chill Chainnigh. Tugtar ceantair buirge ar na ceantair bhardasacha ina bhfuil na limistéir a bhí clúdaithe roimhe seo ag comhairlí buirge Chluain Meala, Dhroichead Átha, Sligigh agus Loch Garman. Tá an stádas dlí céanna ag ceantair bhardasacha is cuma má thugtar ceantair bhardasacha, ceantair uirbeacha nó ceantair buirge orthu.

Tionóil Réigiúnacha

Tá raon cumhachtaí ag Údaráis Áitiúla na hÉireann maidir le pleanáil spásúlachta agus forbairt eacnamaíoch. Rinneadh iad a shruthlíniú ina dtrí Thionól Réigiúnacha in 2015 arb ionann iad agus Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair(nasc seachtrach), Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre(nasc seachtrach), agus Réigiún an Deiscirt(nasc seachtrach). Bíonn ballraíocht tionóil réigiúnaigh comhdhéanta de chomhaltaí na n-údarás áitiúil laistigh den réigiún. Is é aidhm na dtionól sin pleanáil straitéiseach agus forbairt inbhuanaithe a chomhordú, a chur chun cinn agus a thacú agus éifeachtacht a chur chun cinn i rialtas áitiúil agus i seirbhísí poiblí.