An Coimisiún Toghcháin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tiomantas tugtha ag an Rialtas sa Chlár Rialtais: Ár dTodhchaí Chomhroinnte do bhunú Coimisiún Toghcháin d’Éirinn.
Beidh an Coimisiún Toghcháin neamhspleách ar an Rialtas, ag tuairisciú go díreach don Oireachtas. Glacfaidh sé le roinnt feidhmeanna toghcháin reachtúla atá ann cheana ón tús, lena n-áirítear freagracht as:
Ina theannta sin, beidh freagracht air as:
Tabharfaidh na feidhmeanna seo ról lárnach don Choimisiún inár gcóras toghcháin ón tús, ag tabhairt réimse leathan freagrachtaí le chéile.
Beidh ballraíocht an Choimisiúin comhdhéanta de mheascán d’oifigigh phoiblí a bhfuil taithí acu ar fheidhmeanna toghcháin a chomhlíonadh agus saineolaithe a roghnófar trí phróiseas iomaíoch poiblí, a thabharfaidh leo réimse leathan scileanna agus taithí ábhartha.
Foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille um Athchóiriú Toghcháin 2020 an 8 Eanáir 2021. Déantar foráil sa Bhille do bhunú an Choimisiúin Toghcháin, i measc nithe eile maidir le hathchóiriú toghcháin.
Cuireadh tús le grinnscrúdú réamhreachtaíochta ar an Scéim Ghinearálta ag an gComhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht in Eanáir 2021 agus samhlaítear go bhfoilseofar an Bille um Athchóiriú Toghcháin in 2021 d’fhonn an Coimisiún Toghcháin a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh 2021.
Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig: