Reifrinn
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá reachtaíocht le haghaidh reifreann in Éirinn leagtha amach in Acht an Reifrinn, 1994 agus in Acht an Reifrinn, 1998.
Tá dhá chineál reifreann in Éirinn: reifreann bunreachta agus gnáthreifreann.
Más mian leis an Rialtas rud a athrú i mBunreacht na hÉireann, ní mór dó reifreann bunreachta a chur ar bun. Tá Bunreacht na hÉireann le fáil ag an nasc seo a leanas: Bunreacht na hÉireann.
Cuireadh 38 reifreann bunreachta ar bun sa Stát.
Más mian leis an Rialtas dlí a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis a thabhairt isteach, féadfaidh an Seanad agus an Dáil an tUachtarán a achainí reifreann a chur ar bun. Níor cuireadh aon ghnáthreifreann ar bun.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar reáchtáil na reifreann in Éirinn, cuid thábhachtach dá próiseas daonlathach. San físeán seo taispeántar cén chaoi agus cén fáth a dtarlaíonn refrinn agus na comhlachtaí Stáit a oibríonn lena chinntiú go mbíonn ionchur ag na saoránaigh ar lá an reifrinn. (Féach thíos le haghaidh an fhíseáin ghearr agus an leagan níos faide.)