Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

120 bliain den daonlathas áitiúil – Déanann an tAire Phelan fáiltiú a óstáil le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 120 bliain na chéad toghchán áitiúil in Éirinn

Foilsithe an Déardaoin, 18 Aib 2019
John Paul Phelan TD
  • An chéad toghchán áitiúil in Éirinn an 6 Aibreán 1899
  • An tseachtain seo chugainn, beidh 120 bliain ann ó tionóladh comhairlí den chéad uair in Éirinn (22 Aibreán 1899)
  • 20 bliain ó tugadh aitheantas bunreachtúil den chéad uair don rialtas áitiúil agus ó cumhdaíodh an prionsabal go mbeadh toghcháin áitiúla ann gach cúig bliana   

Chuir an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Athchóiriú Toghchán, John Paul Phelan T.D., fáilte inniu (18 Aibreán 2019) roimh ionadaithe rialtais áitiúil chuig Teach an Chustaim le ceiliúradh a dhéanamh ar  chomóradh 120 bliain na chéad toghchán áitiúil in Éirinn. An tseachtain seo chugainn, beidh 120 bliain ann ó tháinig formhór na gcomhairlí le chéile den chéad uair (an 22 Aibreán). Ag an ócáid, sheol an tAire Phelan taispeántas físiúil, arna mhaoiniú ag an Roinn, maidir le stair an rialtais áitiúil in Éirinn.

Ag labhairt dó roimh an bhfáiltiú tráthnóna inniu, dúirt an tAire Phelan, “Tá stair an-saibhir ag Éirinn ó thaobh an rialtais áitiúl de, agus sainaitheantas tugtha do thiomantas na n-ionadaithe tofa agus na n-oifigeach araon agus iad ag freastal ar a bpobail áitiúla. Bíonn caighdeán maireachtála ár gcuid saoránach ag brath go mór ar sheirbhísí áitiúla agus ar rannpháirtíocht sa phobal. Bhí ról lárnach riamh ag údaráis áitiúla i soláthar na seirbhísí sin agus in éascú na rannpháirtíochta sin chomh maith. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd uile a thug seirbhís sa pholaitíocht áitiúil agus a d’oibrigh sa rialtas áitiúil le 120 bliain anuas. 

 “Tá rialtas i ndiaidh rialtais tar éis iarracht a dhéanamh an rialtas áitiúil a fheabhsú agus a athbheochan. Táim ag tógáil ar dhul chun cinn a rinneadh roimhe seo trí mheán tionscnamh éagsúil, cosúil le cinn a chuireann tacaíocht ar fáil do mhná agus do dhaoine ó ghrúpaí mionlaigh atá ag smaoineamh ar sheasamh i dtoghchán áitiúil. Ar aon dul leis an rialtas náisiúnta, baineann an rialtas áitiúil tairbhe as éagsúlacht níos mó. Tá an Rialtas tar éis pobalbhreitheanna a thionscnamh maidir le méaraí dírthofa chomh maith.”

Dúirt an tAire Phelan leis, “Tá lúcháir orm an taispeántas seo a sheoladh, ag léiriú éabhlóid struchtúir agus toghcháin an rialtais áitiúil, mar aon le téamaí tábhachtacha ar nós ról na mban sa rialtas áitiúil. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Chartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead an Rialtais Áitiúil as an taispeántas seo a chur le chéile. Tá áthas orm go raibh mo Roinn in ann maoiniú a chur ar fáil don tionscadal seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith leis an Ollamh Daly ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), as a bheith sásta labhairt ag an bhfáiltiú tráthnóna faoin rialtais áitiúil in Éirinn ó thaobh pheirspictíocht na staire de.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Phelan, “An tseachtain seo chugainn, agus muid ag comóradh na chéad chruinnithe de chomhairlí éagsúla, bainimis leas as an mí stairiúil seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an ról tábhachtach a bhíonn ag an rialtas áitiúil i saolta saoránach agus pobal. Tá mo roinn féin ag déanamh a cion agus í ag tarraingt aird ar ról an rialtais áitiúil agus ar na seirbhísí a chuireann comhairlí ar fáil. Molaim do dhaoine, trí pháirt ghníomhach a ghlacadh ina bpróiseas daonlathach áitiúil, spéis a léiriú i gceisteanna a bhaineann le rialtas áitiúil agus a bheith bródúil as a n-údaráis áitiúla, go háirithe i mbliana agus toghcháin áitiúla le bheith ann.”

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Bunaíodh Boird Bhardaigh Dhlí na mBocht faoin Poor Relief (Ireland) Act 1838. Sa deireadh, bhí 163 Aontas Dhlí na mBocht lonnaithe thart ar bhailte margaidh ar fud na hÉireann. Bhí siad freagrach as feidhmiú an chórais a raibh tithe na mbocht agus obair fóirithinte eile mar chuid de. Toghadh bardaigh áirithe ag íocóirí rátaí, agus cuid den daonlathas sa chóras mar thoradh. Ba dhíol suntais é go bhféadfadh mná feidhmiú mar bhardaigh ó 1896 ar aghaidh. Bhí an córas seo i bhfeidhm roimh na chéad toghcháin áitiúla in 1899, faoi fhorálacha an Local Government Act 1898.
  • Tabharfar an taispeántas ‘Ag ceiliúradh stair an rialtais áitiúil in Éirinn’ chuig údaráis áitiúla éagsúla ar fud na tíre i rith 2019. Beidh an chéad deis ag daoine an taispeántas a fheiceáil in XXX. Le tuilleadh eolais a fháil faoi na háiteanna agus na hamanna a mbeidh an taispeántas le feiceáil, féach:
  • Thug an príomhchainteoir, an tOllamh Mary E. Daly, Ollamh Emeritus le Stair ag COBÁC, léacht ag an bhfáiltiú ar stair an rialtais áitiúil.
  • Ar 24 Bealtaine 2019, beidh pobalbhreitheanna maidir leis an moladh go mbeadh méaraí dírthofa le feidhmeanna feidhmiúcháin i gCathair Chorcaí, i gCathair agus Contae Luimnigh agus i gCathair agus Contae Phort Láirge.
  • Le bheith i dteideal vótála i dtoghcháin áitiúla na Bealtaine, is féidir le daoine iarratas a dhéanamh le bheith curtha leis an bhForlíonadh do Chlár na dToghthóirí, chomh fada is a fhaigheann an comhairle ábhartha an fhoirm iarratais faoin Máirt, 7 Bealtaine 2019. Dóibh siúd ar mhaith leo a bheith curtha leis an bhforlíonadh do liosta na bpostvótálaithe nó liosta na vótálaithe speisialta, caithfear na foirmeacha iarratais ábhartha a bheith faighte ag a gcomhairle faoin Domhnach, 28 Aibreán 2019.
Catagóra 
Ábhar 
Fo-Ábhar