Iarrthóirí - Toghchán Dála
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tosóidh an tréimhse chun ainmniúcháin a fháil ag 10am Dé Sathairn 18 Eanáir agus críochnóidh ag meán lae Dé Céadaoin 22 Eanáir.
Féadfaidh iarrthóirí iad féin a ainmniú nó a bheith ainmnithe ag toghthóir Dála don toghcheantar. Is féidir foirmeacha ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh. Tá na foirmeacha forordaithe ag an Aire in Ionstraim Reachtúil Uimh. 481 de 2019.
Ba cheart d'iarrthóirí an Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta a fháil óna bpáirtí polaitíochta.
Forordaíonn an tAire an Dearbhú Reachtúil, atá le comhlánú ag lucht aontaithe, in Ionstraim Reachtúil Uimh.481 de 2019. Tá sé le fáil freisin ó na Cinn Chomhairimh agus ó na húdaráis chlárúcháin.
An t-iarrthóir nó an moltóir a bheidh freagreach as a chinntiú go seachadófar an páipéar ainmniúcháin comhlánaithe chuig an gceann comhairimh roimh an sprioc-am chun ainmniúcháin don toghchán a fháil.
Tá na hiarrthóirí ag an Olltoghchán i dteideal earra amháin saor in aisce a chur sa phost chuig gach teaghlach ina dtoghcheantar. Tá an áis saorphoist faoi réir riachtanas ginearálta. Tá said seo leagtha amach i alt 57 den Acht Toghcháin 1992.
Cuireann an tAcht Toghcháin 1997 teorainn leis an méid costais ar féidir le iarrthóir a thabhú nó ar féidir a thabhú thar ceann iarrthóra ag toghchán Dála. Forálann Alt 3 den Acht Toghcháin 1997, arna leasú, gur féidir na suimeanna seo and suimeanna eile san Acht a athrú le hordú ón Aire ag teacht le hathrú ar an Innéacs Praghasanna do Thomhaltóirí (CPI).
Is iad seo na teorainneacha reatha (a bhí socraithe i 2007):
Is iad iad na costais iarbhír nó 8,700 euro, cibé acu is lú, méid na gcostas toghchánaíochta ar féidir a chúiteamh le iarrthóir ag toghchán Dála.
Ba cheart d'Iarrthóirí, Gníomhairí Toghcháin agus Tríú Páirtithe teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí chun treoir a fháil maidir leis na riachtanais sin.