
Olltoghchán (Corrthoghchán) 2019
Toghcháin na Dála
Ní mór toghchán Dála (olltoghchán) a reáchtáil laistigh de 30 lá tar éis lánscor na Dála. Eisíonn Cléireach na Dála eascaire chuig an gceann comhairimh i ngach dáilcheantar á threorú nó á treorú toghchán a reáchtáil.
Corrthoghcháin
Líontar corrfholúntais i gcomhaltas na Dála trí chorrthoghcháin a reáchtáil. Eisíonn Cléireach na Dála, ar ordú na Dála, eascaire chuig ceann comhairimh an dáilcheantair lena mbaineann ag treorú corrthoghchán a reáchtáil chun an folúntas a líonadh. Is ionann an nós imeachta ag corrthoghchán agus nós imeachta ag olltoghchán.
Socraíonn an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobal agus Rialtais Áitiúil an lá vótaíochta nach mór a reáchtáil idir an 18ú agus an 25ú lá tar éis aon eascaire a eisiúint (ní bhíonn Aoine an Chéasta, Domhnaí agus Saoirí Poiblí san áireamh). Socraíonn an tAire an tréimhse vótaíochta freisin a mhairfidh ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7 a.m. agus 10.30 p.m.
Tá tuilleadh eolais le fáil sa bhileog eolais - An tSlí a dToghtar an Dáil nó ar suíomh idirlín Faisnéis do Shaoránaigh
An ceann comhairimh atá freagrach as an toghchán a reáchtáil i ngach toghcheantar. An Roinn Airgeadais a sheasann an costas chun an toghchán a reáchtáil, ón Lárchiste, bunaithe ar Ordú Muirear a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Toghthóirí a bhfuil Tinneas Coirp orthu nó atá faoi Mhíchumas Coirp
Féadfaidh toghthóirí a bhfuil tinneas coirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp agus a bhféadfadh deacracht a bheith acu rochtain a fháil ar a stáisiún vótaíochta áitiúil iarratas a dhéanamh a vóta a aistriú chuig stáisiún ina dtoghcheantar a bhfuil rochtain níos éasca air.
Chun leas a bhaint as an tsaoráid seo, ba chóir do thoghthóir iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar an gceann comhaireamh ina t(h)oghcheantar féin tráth nach déanaí ná Dé hAoine an 22 Samhain 2019.
Lá na Vótaíochta le haghaidh fothoghcháin i Corcaigh Thuaidh-Lár, Baile Átha Cliath-Fine Gall, Baile Átha Cliath Thiar Meán agus Loch Garman
Is Dé hAoine 29 Samhain 2019 lá vótaíochta.
Beidh na hionaid vótaíochta ar oscailt ón 7a.m. go dtí an 10p.m. Ar Dé Déardaoin 7 Samhain rinne an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an tOrdú maidir le Lá na Vótaíochta. Preasráiteas.
Cártaí Faisnéise Vótaíochta
Eiseofar Cártaí Faisnéise Vótaíochta ar vótálaithe sna laethanta roimh lá na vótaíochta. Beidh sé ráite ar an gCárta Faisnéise Vótaíochta cá háit le dul chun do vóta a chaitheamh, chomh maith le huaireanta oscailte an stáisiúin vótaíochta. Beidh sé ráite freisin cad iad na doiciméid chéannachta nach mór duit a thabhairt leat. Ní theastaíonn cárta faisnéise vótaíochta uait chun vóta a chaitheamh.
Treoracha i dtaobh Vótála
Ba chóir duit na treoracha gearra atá ar an bpáipéar ballóide, a thabharfaidh an t-oifigeach ceannais duit, a léamh go cúramach. Scríobh 1 le taobh d'iarrthóra céad rogha, scríobh 2 sa bhosca le taobh d'iarrthóra dara rogha agus mar sin de. Níor chóir duit aon ní eile a scríobh ar an bpáipéar ballóide - d'fhéadfadh sin do vóta a dhéanamh neamhbhailí.
Treoir maidir le Vótáil - An éasca le léamh Guide
Tá leabhrán eolais curtha i dtoll a chéile ag Inclusion Ireland "Guide to Voting -An easy to read Guide".
Cé atá in ann Vóta a chaitheamh?
Tá gach duine ar saoránach de chuid na hÉireann nó den Ríocht Aontaithe é nó í agus atá san áireamh ar an gclár toghthóirí a bhíonn i bhfeidhm lá na vótaíochta, i dteideal vóta a chaitheamh san olltoghchán.
Saoránaigh Nua Éireannach
Ba cheart do dhuine a ndéantar saoránach Éireannach dó/di, nach bhfuil ar chlár na dtoghthóirí cheana féin agus ar mian leis/léi iarratas a dhéanamh a ainm/a hainm a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann le clár na dtoghthóirí, an fhoirm RFA2 a chomhlánú. Tá an fhoirm ar fáil ó údaráis áitiúla nó lena híoslódáil ó checktheregister.ie.
Ba cheart do dhuine a ndéantar saoránach Éireannach dó/di, atá cláraithe cheana féin ina thoghthóir/toghthóir áitiúil, Eorpach nó Dála agus ar mian leis/léi iarratas a dhéanamh a ainm/a hainm a áireamh ar an bhforlíonadh a ghabhann le clár na dtoghthóirí ionas go bhféadfaidh sé/sí vóta a chaitheamh i ngach toghchán agus reifreann, an fhoirm RFA 5 a chomhlánú.
Foirmeacha Ainmniúcháin
Féadfaidh iarrthóirí iad féin a ainmniú nó a bheith ainmnithe ag toghthóir Dála don toghcheantar. Is féidir foirmeacha ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh. Tá na foirmeacha forordaithe ag an Aire in Ionstraim Reachtúil Uimh. 481 de 2019 (i mBéarla amhain).
Críochnaíonn an tréimhse chun ainmniúcháin a fháil ag 12 meánlae Dé hAoine 15 Samhain.
An t-iarrthóir nó an moltóir a bheidh freagreach as a chinntiú go seachadófar an páipéar ainmniúcháin comhlánaithe chuig an gceann comhairimh roimh an sprioc-am chun ainmniúcháin don toghchán a fháil.
Áis Saorphoist d’iarrthóirí
Tá na hiarrthóirí ag an Olltoghchán i dteideal earra amháin saor in aisce a chur sa phost chuig gach teaghlach ina dtoghcheantar. Tá foireann ag An Post chun cuidiú leis na hiarrthóirí agus ba choir dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as an tseirbhís dul i dteagmháil le Mr Damien Murray, An Post, ag damien.murray@anpost.ie. Tá an áis saorphoist faoi réir riachtanas ginearálta. Tá said seo leagtha amach i alt 57 den Acht Toghcháin 1992.
Dáilcheantair
Tá an 32ú Dáil comhdhéanta de 158 comhalta atá ina n-ionadaithe ar na 40 dáilcheantar arna sonrú san Acht Toghcháin (Leasú) (Dáilcheantair) 2013
Teorainneacha Caiteachais
Cuireann an tAcht Toghcháin 1997 teorainn leis an méid costais ar féidir le iarrthóir a thabhú nó ar féidir a thabhú thar ceann iarrthóra ag toghchán Dála. Forálann Alt 3 den Acht Toghcháin 1997, arna leasú, gur féidir na suimeanna seo and suimeanna eile san Acht a athrú le hordú ón Aire ag teacht le hathrú ar an Innéacs Praghasanna do Thomhaltóirí (CPI).
Is iad seo na teorainneacha reatha (a bhí socraithe i 2007 :
- 30,150 euro i ndáilcheantar 3 suíochán
- 37,650 euro i ndáilcheantar 4 suíochán
- 45,200 euro i ndáilcheantar 5 suíochán
Is iad iad na costais iarbhír nó 8,700 euro, cibé acu is lú, méid na gcostas toghchánaíochta ar féidir a chúiteamh le iarrthóir ag toghchán Dála.
Ba cheart d'Iarrthóirí, Gníomhairí Toghcháin agus Tríú Páirtithe teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (i mBéarla amhain) chun treoir a fháil maidir leis na riachtanais sin.
Póstaeir Toghcháin
Ní cheadaítear póstaeir a chur in airde ach amháin ar feadh tréimhse sonraithe áirithe roimh thoghchán. Maidir le corrthoghcháin 2019, is ó Dé Déardaoin, 7 Samhain, an dáta a rinneadh an t-ordú maidir le lá na vótaíochta, an tréimhse sin. Ní mór d'iarrthóirí gach póstaer a bhaint anuas laistigh de 7 lá tar éis lá vótaíochta. Tá na ceanglais sin maidir le póstaeir thoghcháin leagtha amach faoi alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997. Tuilleadh eolais faoi phóstaeir thoghcháin (i mbéarla amháin).
Féiníní/Grianghraif
Cé nach bhfuil cosc ar ghrianghraif a thógáil faoin dlí toghcháin d'fhéadfadh grianghraf ar bith a roinnfí de pháipéar ballóide a bhfuil marc air nó á mharcáil ag toghchán dochar a dhéanamh do shláine agus do rúndacht na ballóide. Dá bhrí sin ní bheidh grianghraif den chineál sin nó 'féiníní' a thógáil i stáisiúin vótála.
Vótaí a Chomhaireamh
Tosóidh an comhaireamh ag 9 a.m. an lá i ndiaidh lá na vótaíochta ag ionaid chomhairimh ar fud na tíre. Osclaítear na boscaí ballóide agus deimhnítear cuntais na bpáipéar ballóide. Déantar na páipéir bhallóide a shórtáil ansin agus déantar páipéir bhallóide a bhfuil amhras fúthu a chur as an áireamh. Déanfaidh an ceann comhairimh breithniú orthu sin, ríomhfaidh an cuóta agus comhairfidh na vótaí céad rogha agus roghanna ina dhiaidh sin go dtí go líonfar gach suíochán.
Ionaid Chomhaireamh do fothoghcháin Dháil Éireann 2019
Dáilcheantar | Ceann Comhairimh | Seoladh an ionaid chomhaireamh |
Corcaigh Thuaidh-Lár | Mr. Martin A. Harvey | Nemo Rangers Hurling & Football Club, South Douglas Road, Cork |
Baile Átha Cliath - Fine Gall | Mr. Fergus Gallagher |
The National Show Centre,Kennel Club, Stockhole Lane, Cloghran, Dublin |
Baile Átha Cliath Thiar - Meán | Mr. Fergus Gallagher |
Adamstown Community Centre, Station Rd, Adamstown, Lucan, Dublin |
Loch Garman | Ms. Marie Garahy |
St Joseph's Club Community Centre, Bishopswater, Wexford |
Páipéar Ballóide Samplach
Tugadh isteach foirm nua den pháipéar ballóide maidir le toghcháin Dála leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2015. Seo sampla den chuma a bheidh ar an bpáipéar ballóide.
Fianaise ar Chéannacht
D'fhéadfaí fianaise ar chéannacht a iarraidh ort ag an stáisiún vótaíochta. Glacfar leis na doiciméid seo a leanas chun críocha céannachta -
- pas
- ceadúnas tiomána
- cárta céannachta fostaithe a bhfuil grianghraf air
- cárta céannachta mic léinn a d’eisigh institiúid oideachais agus a bhfuil grianghraf air
- cáipéis taistil a bhfuil ainm agus grianghraf uirthi
- Leabhar Bainc nó Leabhar Taisce nó Leabhar Comhair Creidmheasa ar a bhfuil do sheoladh sa dáilcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (más cuí)
- Cárta Seirbhísí Poiblí;
nó
le haon cheann díobh seo a leanas caithfear cáipéis eile a chur ar fáil a chruthaíonn go bhfuil seoladh an tsealbhóra sa dáilcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (más cuí):
- seicleabhar
- seic-chárta
- cárta creidmheasa
- teastas beireatais
- teastas pósta.