Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

Toghcháin na Dála

Rinneadh léirmheas ar an alt seo an uair deireanach: 2 years 5 months ó shin
Tá léirmheas le déanamh air an chéad uair eile i: 0 sec

Ní mór toghchán Dála (olltoghchán) a reáchtáil laistigh de 30 lá tar éis lánscor na Dála. Eisíonn Cléireach na Dála eascaire chuig an gceann comhairimh i ngach dáilcheantar á threorú nó á treorú toghchán a reáchtáil.

Socraíonn an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiύil an lá vótaíochta nach mór a reáchtáil idir an 18ú agus an 25ú lá tar éis aon eascaire a eisiúint (ní bhíonn Aoine an Chéasta, Domhnaí agus Saoirí Poiblí san áireamh).  Socraíonn an tAire an tréimhse vótaíochta freisin a mhairfidh ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7 a.m. agus 10.30 p.m.

Tá tuilleadh eolais le fáil sa bhileog eolais - An tSlí a dToghtar an Dáil nó ar suíomh idirlín Faisnéis do Shaoránaigh

An ceann comhairimh atá freagrach as an toghchán a reáchtáil i ngach toghcheantar.  An Roinn Airgeadais a sheasann an costas chun an toghchán a reáchtáil, ón Lárchiste, bunaithe ar Ordú Muirear a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Dáilcheantair

Athbhreithniú ar Dháilcheantair i ndiaidh Dhaonáireamh 2016

Foilsíodh an Tuarascáil an Choimisiúin um Thoghlaigh, 2017 ar 27 Meitheamh 2017. Is féidir an Tuarascáil a fháil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin .

Déantar athbhreithnithe ar dháilcheantair maidir le toghcháin don Dáil agus do Pharlaimint na hEorpa i ndiaidh gach daonáirimh.  Coimisiún neamhpsleách um Thoghlaigh, a bhunaítear nuair a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh réamhthorthaí an daonáirimh, a dhéanann na hathbhreithnithe.  Rinneadh daonáireamh an 24 Aibreán 2016 agus foilsíodh na réamhthorthaí an 14 Iúil 2016.

Bhunaigh an tAire Simon Coveney Coimisiún um Thoghlaigh an 14 Iúil 2016, faoi alt 5 den Acht Toghcháin 1997.

Leagtar amach in Airteagal 16 den Bhunreacht agus in alt 6(2) den Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) na téarmaí tagartha.  Éilítear sa Bhunreacht gurb ionann líon iomlán na gcomhaltaí Dála is comhalta amháin in aghaidh gach 20,000 go 30,000 den daonra náisiúnta.

Ní mór don Choimisiún a thuarascáil a chur faoi bhráid Ceann Comhairle na Dála tráth nach déanaí ná trí mhí ó fhoilsítear na torthaí críochnaitheacha.  Foilsíodh na torthaí sin ar 6 Aibreán, 2017.

Is féidir le Tuarascálacha Coimisiún Toghlach roimhe le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin dáilcheantar.

Vótaí a Chomhaireamh

Tosnaíonn an comhaireamh ag 9 a.m. an lá i ndiaidh lá na vótaíochta in ionaid chomhairimh ar fud na tíre.  Déantear comhaireamh ar leithligh i ngach dáilcheantar.  Osclaítear na boscaí ballóide agus deimhnítear cuntais na bpáipéar ballóide.  Déantear na páipéir bhallóide a shórtáil ansin agus cuirtear páipéir bhallóide a bhfuil amhras fúthu as an áireamh.  Déanann an ceann comhairimh breithniú orthu sin, déanann sé nó sí comhaireamh ar na vótaí príomhrogha agus ríomhann an cuóta.  Comhairtear na roghanna eile ansin go dtí go mbeidh gach suíochán líonta.  Ar an gcomhaireamh a thabhairt chun críche, fógraíonn an ceann comhaireamh torthaí na vótaíochta agus seolann deimhniú ar na comhaltaí ón Dáilcheantar sin a bheidh ag fónamh sa Dáil nua, i dteannta mhionsonraí an chomhairimh, chuig Cléireach na Dála.

Vótáil ar na hOileáin

Póstaeir Toghcháin

Ní cheadaítear póstaeir a chur in airde ach amháin ar feadh tréimhse sonraithe áirithe ag toghchán.  An tréimhse atá i gceist ná ón dáta a ndéantar an t-ordú maidir leis an lá vótaíochta go ceann seacht lá i ndiaidh an lae vótaíochta.  Tá na ceanglais sin maidir le póstaeir thoghcháin leagtha amach faoi alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997. Tuilleadh Eolais ar Póstaeir Toghcháin (i mBearla amháin)

Catagóra 
Ábhar 
Fo-Ábhar 

An raibh an leathanach cabhrach?

Go raibh maith agat as cuidiú linn housing.gov.ie a fheabhsú.

Cosaint Sonraí

Caithfidh custaiméirí de chuid na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil roinnt sonraí pearsanta a chur ar fáil ionas gur féidir leis an Roinn a cuid feidhmeanna reachtúla agus riaracháin a chur i gcrích. Is faoi rún a chaithfidh an Roinn le gach eolas agus sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. I gcásanna áirithe, nuair a dhéantar foráil ina leith sin faoin dlí, d'fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile. 

Is féidir teacht ar Bheartas na Roinne maidir le Cosaint Sonraí agus ar na Ráitis Príobháideachais, ina leagtar amach mar a bhainfimid úsáid as do chun sonraí pearsanta chomh maith le heolas a chur ar fáil ar do chearta mar ábhar sonraí, ar láithreán gréasáin na Roinne.  Is féidir cóip chrua a fháil díobh freisin ach iad a iarraidh, ón Oifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, ríomhphost data.protection@housing.gov.ie.