Vótálaí - Toghchán Dála
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá gach duine ar saoránach de chuid na hÉireann nó den Ríocht Aontaithe é nó í agus atá san áireamh ar an gclár toghthóirí a bhíonn i bhfeidhm lá na vótaíochta, i dteideal vóta a chaitheamh in olltoghchán.
Eisítear Cártaí Faisnéise Vótaíochta ar vótálaithe sna laethanta roimh lá na vótaíochta. Tá sé ráite ar an gCárta Faisnéise Vótaíochta cá háit le dul chun do vóta a chaitheamh, chomh maith le huaireanta oscailte an stáisiúin vótaíochta. Tá sé ráite freisin cad iad na doiciméid chéannachta nach mór duit a thabhairt leat. Ní theastaíonn cárta faisnéise vótaíochta uait chun vóta a chaitheamh.
D'fhéadfaí fianaise ar chéannacht a iarraidh ort ag an stáisiún vótaíochta. Glacfar leis na doiciméid seo chun críocha céannachta.
Páipéar Ballóide Samplach
Tugadh isteach foirm nua den pháipéar ballóide maidir le toghcháin Dála leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2015. Seo sampla den chuma atá ar an bpáipéar ballóide.
Ba chóir duit na treoracha gearra atá ar an bpáipéar ballóide, a thabharfaidh an t-oifigeach ceannais duit, a léamh go cúramach. Scríobh 1 le taobh d'iarrthóra céad rogha, scríobh 2 sa bhosca le taobh d'iarrthóra dara rogha agus mar sin de. Níor chóir duit aon ní eile a scríobh ar an bpáipéar ballóide - d'fhéadfadh sin do vóta a dhéanamh neamhbhailí.
Tá leabhrán eolais curtha i dtoll a chéile ag Inclusion Ireland "Guide to Voting - An Easy to Read Guide"
Cé nach bhfuil cosc ar ghrianghraif a thógáil faoin dlí toghcháin d'fhéadfadh grianghraf ar bith a roinnfí de pháipéar ballóide a bhfuil marc air nó á mharcáil ag toghchán dochar a dhéanamh do shláine agus do rúndacht na ballóide. Dá bhrí sin níl cead grianghraif den chineál sin nó 'féiníní' a thógáil i stáisiúin vótála.
Féadfaidh toghthóirí a bhfuil tinneas coirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp agus a bhféadfadh deacracht a bheith acu rochtain a fháil ar a stáisiún vótaíochta áitiúil iarratas a dhéanamh a vóta a aistriú chuig stáisiún ina dtoghcheantar a bhfuil rochtain níos éasca air.