Leagan furasta le priontáilLeagan furasta le priontáil

Preasráiteas – Corrthoghchán an tSeanaid

Foilsithe an Máirt, 15 DF 2019
Dept Housing logo

Tá sé fógartha ag an Uasal Eoghan Murphy, T.D., an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil inné (15 Deireadh Fómhair 2019) go bhfuil Ordú déanta ag ordú go ndéanfaí  corrthoghchán a reáchtáil chun an folúntas atá sa Seanad de bharr go ndearnadh an Seanadóir Grace O'Sullivan a thoghadh chuig Parlaimint na hEorpa a líonadh.

Toghadh an Seanadóir O'Sullivan as an bhFo-Rolla Oireachtais den Rolla Talmhaíochta san Olltoghchán do Sheanad Éireann in Aibreán 2016. 

12 meán lae an 25 Deireadh Fomhair, 2019 an lá deiridh chun ainmniúcháin a fháil ag na corrthoghcháin.  Suífidh Ceann Comhairimh an tSeanaid don rialú ar ainmniúcháin an 1 Samhain, 2019.  Eiseofar páipéir bhallóide an 8 Samhain, 2019 agus dúnfaidh an vótáil ag 11 a.m. an 22 Samhain, 2019.

Comhaltaí de chuid Dháil Éireann agus Sheanad Éireann a bheidh i dtoghchóirí an chorrthoghcháin.

Catagóra 
Ábhar