
‘Foirgníocht 2020, Straitéis le haghaidh Earnála Foirgníochta Athnuaite’ – Ról na Roinne
Forléargas
Leagtar amach le Foirgníocht 2020 pacáiste beart atá comhaontaithe ag an Rialtas agus a bhfuil sé d’aidhm leis gníomhaíocht sa tionscal tógála a ghríosadh. Tá 75 pointe gníomhaíochta ann le cinntiú gur féidir le forbairt riachtanach chiallmhar tarlú, agus nach gcuirtear constaicí neamhriachtanacha roimhe.
Bíonn roinnt rann rialtais freagrach as na gníomhartha a leagtar amach sa straitéis a chomhlíonadh, an roinn seo san áireamh. Táimid ag obair go crua lenár ngníomhartha a chur i ngníomh. Tá roinnt beart tábhachtach comhlíonta againn cheana féin, bearta a raibh sé d’aidhm leo soláthar na tithíochta a fheabhsú agus a mhéadú.
Céard atá comhlíonta ag an Roinn seo?
Tá sárdhul chun cinn déanta againn maidir le spriocanna móra sa straitéis. Go háirithe:
- Foilsiú agus cur i ngníomh Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020
- Bunú Thascfhórsa an tSoláthair Tithíochta do Bhaile Átha Cliath
- Feabhsú ar cháilíocht agus ar infhaighteacnht na sonraí foirgníochta
- Tá athchóirithe tugtha isteach san earnáil phríobháideach ar cíos
- Tugadh tosadh feidhme don Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe 2015 agus foráltar leis le haghaidh athchóirithe tábhachtacha sa réimse pleanála lena n-áirítear athbhreithniú ar Chuid V, ranníocaíochtaí laghdaithe forbartha, agus tobhach nua a thabhairt isteach ar láithreáin fholmha.
- Táimid ag leanúint ar aghaidh le bheith ag comhlíonadh an Phlean Feidhmithe um Easpa Dídine
- Táthar tar éis teacht ar chéim dheiridh fíorthábhachtach lena bhfuasclófar ceist na bhforbairtí tithíochta neamhchríochnaithe
- D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Tithíochta an Ráiteas Náisiúnta um Sholáthar Tithíochta agus Éileamh ar Thithíocht. Is é an chéad cheann dá leithéid sa tír seo, lena gcuirtear i láthair an fhaisnéis is deireanaí dá bhfuil ar fáil i ndáil leis an soláthar tithíochta agus an éileamh ar thithíocht
- Tá trí údarás réigiúnacha nua bunaithe
- Táthar ag leanúint ar aghaidh le clár áitiúil na n-oibreacha chun cáilíocht stoc reatha na n-údarás áitiúil a fheabhsú ó thaobh na héifeachtúlachta fuinnimh, agus leis an éifeachtúlacht sin a bhreisiú
- Táthar tar éis an Scéim Chíosa in ionad Morgáiste leathnaithe
- Tá Córas Bainistíochta an Rialaithe Foirgníochta daingnithe anois mar an meán caighdeánach le rialú na foirgníochta a riaradh.
Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag obair go dlúth leis an tionscal agus le príomhpháirtithe eile agus leanfaimid ar aghaidh freisin le bheith ag cur i ngníomh na mbeart eile sa Straitéis lena chinntiú go mbainfear feabhsuithe san earnáil foirgníochta amach.