
Rialáil ar Uisce Éireann
Rialáil ar chúrsaí eacnamaíochta
Is é an Coimisiún um Rialáil Fuinneamh a dhéanann rialáil ar chúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le Uisce Éireann. Ciallaíonn sé seo go ndéanann an CRF:
- cinntí maidir le buiséid agus leibhéal infheistíochta a dhéanann Uisce Éireann
- cinntí maidir le leibhéal na dtáillí uisce do chustaiméirí teaghlaigh agus neamh-theaghlaigh
- scrúdú ar dhíospóidí idir Uisce Éireann agus a chuid custaiméirí
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a aimsiú ar shuíomh idirlín an CRF (i mbéarla amháin)
Rialáil ar chúrsaí comhshaoil
Bíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann le huisce agus cáilíocht uisce a rialáil ó thaobh cúrsaí comhshaoil. I ndáil le Uisce Éireann, déanann an Ghníomhaireacht rialáil:
- ar cháilíocht an uisce óil
- ar chóireáil séarachais a dhéanann Uisce Éireann agus ar ábhair a sceitear isteach i ndobharlaigh
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a aimsiú ar shuíomh idirlín na GCC (i mbéarla amháin).