
Na Toghcháin Eorpacha Agus Na Toghcháin Áitiúla Na Corrthoghcháin Dála
Na Toghcháin Eorpacha Agus Na Toghcháin Áitiúla
Na Corrthoghcháin Dála
22/05/14
(Baile Átha Cliath Thiar agus an Longfort-an Iarmhí
Dé hAoine an 23 Bealtaine 2014
Doiciméid Aitheantais agus Cártaí Faisnéise Vótaíochta
Beidh na toghcháin Eorpacha, na toghcháin áitiúla agus na corrthoghcháin i mBaile Átha Cliath Thiar agus sa Longfort-an Iarmhí á seoladh Dé hAoine an 23 Bealtaine 2014 agus beidh na stáisiúin vótaíochta ar oscailt ó 7:00 a.m. go 10:00 p.m.
Ní gá duit cárta faisnéise vótaíochta a bheith agat chun vóta a chaitheamh sna toghcháin. Ach d’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfar ort doiciméad aitheantais a thabhairt ar aird sa stáisiún vótaíochta sula dtugtar an páipéar ballóide (na páipéir bhallóide) duit. Mura bhfuil an doiciméad aitheantas cuí agat nó más rud é nach deimhin leis an oifigeach ceannais gur tusa an duine lena mbaineann an doiciméad aitheantais ní cheadófar duit vóta a chaitheamh.
Tá na doiciméid seo a leanas inghlactha chun críocha aitheantais:
(i) pas; (ii) ceadúnas tiomána; (iii) cárta aitheantais fostaí a bhfuil grianghraf air; (iv) cárta aitheantais mic léinn arna eisiúint ag foras oideachais agus a bhfuil grianghraf air; (v) doiciméad taistil ina bhfuil ainm an duine lena mbaineann agus a bhfuil grianghraf air; (vi) leabhar Bainc nó Coigiltis nó Comhair Creidmheasa ina bhfuil seoladh sa dáilcheantar/toghlach nó sa toghlimistéar; (vii) Cárta Seirbhísí Poiblí; (viii) Deimhniú um Chónaí Sealadach; (ix) Cárta Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána;
NÓ
na hítimí seo a leanas mar aon le doiciméad eile lena ndeimhnítear seoladh an tsealbhóra sa dáilcheantar/toghlach nó sa toghlimistéar – (x) seicleabhar; (xi) seic-chárta; (xii) cárta creidmheasa; (xiii) deimhniú breithe; (xiv) deimhniú pósta.
NÍ GÁ DUIT CÁRTA FAISNÉISE VÓTAÍOCHTA A BHEITH AGAT CHUN VÓTA A CHAITHEAMH
BÍ CINNTE GO bhFUIL AN DOICIMÉAD AITHEANTAIS RIACHTANACH AGAT
DÉ hAOINE AN 23 BEALTAINE 2014