Printer-friendly versionPrinter-friendly version

Ceadaíonn Hogan €13m Scéim Séarachais do Ghaoth Dobhair

Published on Friday, 08 Nov 2013

Ceadaíonn Hogan €13m Scéim Séarachais do Ghaoth Dobhair

08/11/13

D'fhógair an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an tUasal Phil Hogan TD inniu (Dé hAoine 8ú Samhain) maoiniú do chóras séarachais nua chun seirbhís Ghaoth Dobhair ceadaithe aige. Is é costas measta na n-oibreacha sa réigiún de € 13m.

Ag labhairt dó i nGaoth Dobhair inniu dúirt an tAire Hogan,

“Tá muintir Ghaoth Dobhair ag tnúth le scéim séarachais le blianta fada agus bhíothas ag cur is ag cúiteamh faoin bpleanáil fhada a bhain le scéim den sórt sin le blianta fada.  Tacaím go hiomlán le dóchas na n-áitritheoirí, agus le mianta Chomhairle Contae Dhún na nGall, i dtaca leis seo agus nuair a chuir an Chomhairle Doiciméid Chonartha isteach le déanaí maidir leis an togra d’iarr mé ar m’oifigigh dlús a chur faoina n-iniúchadh agus faoina meastóireacht ar an gcás.  Táimid ag tráth cinniúnach i stair scéim séarachais Ghaoth Dobhair i láthair na huaire agus mé ag cur in iúl daoibh go bhfuilim ag ceadú moltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall chun an togra a chur chun tairisceana.”

Dúírt an tAire freisin, “Eiseoidh mo Roinn an cead foirmiúil don togra go luath chuig Comhairle Contae Dhún na nGall.  Tuigim go gcaithfidh an Chomhairle roinnt cúrsaí pleanála a bhaineann leis an scéim a chur i gcrích sula lorgófar tairiscintí le haghaidh na hoibre.  Mar sin féin, táim ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle iarracht an próiseas soláthair a chur ar bun chomh luath agus is féidir in 2014.”

“Táim sásta go bhfuil an deis agam a bheith libh anseo i nGaoth Dobhair inniu.  Guím gach rath oraibh amach anseo agus táim ag tnúth le cuairt a thabhairt ar an gceantar arís nuair a bheidh an scéim curtha i gcrích agus ag feidhmiú go hiomlán agus ní achar fada uainn é sin anois,” arsa an tAire Hogan.

Ceisteanna na meán:
An Oifig Preasa agus Faisnéise
Teil: (01) 888 2638  (díreach)
(01) 888 2000
R-Phost: press-office@environ.ie
Suíomh gréasáin: www.environ.ie

Back