Printer-friendly versionPrinter-friendly version

Rannpháirtíocht Phoiblí sa phróiseas maidir le Toiliú urthrá

This article was last reviewed 4 years 5 months ago
It is due for its next review in 0 sec

Rannpháirtíocht Phoiblí sa phróiseas maidir le Toiliú urthrá i ndáil leis na héifeachtaí ar an gcomhshaol mar a bhfuil Ráiteas Tionchair Timpeallachta riachtanach.

Leis an Treoir ón Eoraip 2003/35/CE (ar a dtugtar an Treoir maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí nó TRP), trasuitear an dara agus tríú colún d’fhorálacha Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas maidir le Cúrsaí Comhshaoil (ar a dtugtar Coinbhinsiún Aarhus freisin) i ndlí na gComhphobal Eorpach.

Baineann an TRP le cearta an phobail le páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta i leith cúrsaí éagsúla comhshaoil. Leagtar síos leis an TRP rialacha ginearálta le cearta rannpháirtíochta an phobail a chinntiú sa phróiseas lena n-ullmhaítear nó lena ndéantar athbhreithniú ar phleananna agus ar chláir ábhartha. Ba chóir go bhfeidhmeofaí forálacha an TRP go háirithe maidir le hiarratais ar thoiliú mar a mbíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta riachtanach de réir an dlí.

Feidhmíodh forálacha na Treorach maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí, maidir le hiarratais ar thoiliú faoi na hAchtanna Urthrá lena n-éilítear ullmhú Ráitis Tionchair Timpeallachta le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Urthrá) 2009 (I.R. Uimh. 404 de 2009) (pdf, 111kb) agus le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Urthrá) 2012 (I.R. Uimh.433 de 2012). Leasaítear leis na rialacháin seo an tAcht Urthrá agus baineann siad le breithniú a dhéantar ar iarratais ar thoiliú urthrá a bhíonn faoi réir MTT. Soláthraíonn na rialacháin seo leibhéal breisithe de rannpháirtíocht phoiblí agus de roinnt faisnéise maidir le cúrsaí comhshaoil.

Meastar rannpháirtíocht phoiblí go hard ar liosta tosaíochtaí na An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (RTPRÁ) agus measúnacht á déanamh ar iarratais urthrá:

  • Ag an gcéim sula gcuirtear iarratas isteach, nuair a phléann an forbraitheoir an tionscadal leis an RTPRÁ ar dtús (Rannán Pleanála Muirí agus Urthrá), spreagtar an forbraitheoir le páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin réamh-iarratais le páirtithe leasmhara.
  • De réir na Treorach maidir le Coinbhinsiún Aarhus a Chur i nGníomh, éilítear le reachtaíocht na hÉireann, a bhaineann le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol agus nósanna imeachta rannpháirtíochta poiblí, go bhfoilseofar fógraí faoi iarratais i nuachtán a scaiptear sa cheantar ábhartha agus/nó a fhoilsítear ar an idirlíon. Foráltar leis an Acht Urthrá 1933 (faoi mar a  leasaíodh) go gcaithfidh iarratasóir, a mbeidh ráiteas tionchair timpeallachta (RTT) curtha isteach aige nó aice, fógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa dúiche ina bhfuil an t-urthrá lonnaithe lena mbaineann an t-iarratas, á rá:
  • go bhfuil iarratas déanta ag an duine agus suíomh and cineál an togra lena mbaineann an t‑iarratas, a thabhairt le fios;

    • á rá go bhfuil RTT ullmhaithe i leith an togra;

      á rá cibé acu an mbaineann alt 19C den Acht Urthrá leis an togra. Baineann Alt 19C le hiarratais a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu;

      á rá go mbíonn an tAire freagrach as cinneadh a dhéanamh faoin iarratas agus go bhféadfaidh an tAire an t-iarratas a dheonú, a cheadú nó toiliú leis gan ár gcúnaint, coinníollacha nó comhaontuithe, i gcásanna is infheidhme, nó an t-iarratas a dhiúltú;

      á rá go bhféadfar aighneacht, tuairimí nó ceisteanna i ndáil le héifeachtaí an togra ar an gcomhshaol, a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire cuí faoi cheann 8 seachtaine ó thráth foilisithe an fhógra;

      ag sonrú na n-amanna agus na háite mar, faoi cheann 8 seachtaine ó thráth foilsithe an fhógra, a bhféadfar cóip den iarratas, den MTT agus d’aon tuairisc nó fhaisnéis ábhartha eile (lena n-áirítear cóipeanna d’aon aighneachtaí, tuairimí nó cheisteanna a bheidh faighte ag an Aire cuí) a iniúchadh saor in aisce nó a cheannach ar phraghas a chinnfidh an tAire sin (nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann leis an gcóip nó leis na cóipeanna atá i gceist a dhéanamh).

    • I gcás go bhfaigheann an RTPRÁ tuilleadh faisnéise, de bhun sin a bheith iarrtha ag RTPRÁ, go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an bhfaisnéis bhreise a dhéanamh i scríbhinn faoi cheann treimhse sonraithe. Féadfaidh an dara fógra i nuachtán a bheith riachtanach.
    • Tar éis di iarratas ar cheadúnas / léas urthrá a fháil, cuireann an RTPRÁ an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil ar a suíomh idirlín saor in aisce:
    • Ainm an iarratasóra

    • Dáta an iarratais

      Cineál forbartha

      Gach cáipéis a bhaineann leis an iarratas lena n-áirítear foirm iarratais, RTT (más ann), Scagadh Measúnachta Cuí, léarscáileanna, líníochtaí, tuairiscí srl.

      Uasdátaíonn an RTPRÁ an suíomh idirlín i gcás go n-iarrfar agus go bhfaighfear tuilleadh faisnéise.

    • I gcás go ndéanfar cinneadh iarratas a dheonú nó a dhiúltú, cuireann an RTPRÁ na príomhchúiseanna agus nithe a cuireadh san áireamh, ar a raibh an cinneadh bunaithe, ar fáil don iarratasóir agus don phobal, chomh maith leis na príomhchúiseanna agus nithe a cuireadh san áireamh agus aon choinníollacha á gceangal leis an gcinneadh agus an fhíric gur féidir le duine bailíocht aon chinnidh dá leithéid a cheistiú trí athbhreithniú breithiúnach. Foilsítear an fhaisnéis seo ar shuíomh idirlín na RTPRÁ
    • Nuair bheidh cinneadh eisithe, féadfaidh duine iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt agus athbhreithniú breithiúnach a lorg maidir le bailíocht an chinnidh. Leagtar síos le hOrdú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986) na nósanna imeachta lena rialaítear athbhreithniú breithiúnach.

Athbhreithniú Breithiúnach

Is éard atá in athbhreithniú breithiúnach cineál imeachtaí cúirte lena ndéanann breitheamh athbhreithniú ar dhlíthiúlacht chinnidh i leith gnímh ag comhlacht poiblí. Dúshlán atá ann don bhealach ina ndearnadh cinneadh. Ní bhaineann sé chomh mór sin leis an gcinneadh féin agus cibé an cinneadh ceart nó a mhalairt a bhí ann, ach cibé ar feidhmíodh an dlí i gceart agus cibé ar leanadh na nósanna imeachta cearta. Ní próiseas achomhairc atá ann. Ní chuirfidh an chúirt a tuairim in ionad thuairim an údaráis phoiblí.

Leagtar síos le hOrdú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986) na nósanna imeachta lena rialaítear athbhreithniú breithiúnach. Féadfaidh duine imeachtaí a thionscnamh faoi cheann tréimhse 3 mhí dar tús an dáta a dhéantar an Cinneadh.

Le hathbhreithniú breithiúnach, breathnaítear ar dhlíthiúlacht cinntí agus gníomhartha. Is féidir a ndúshlán a thabhairt ar roinnt foras, a gcuirtear síos orthu mar seo a leanas go minic: 
Neamhdhleathacht, Neamhréasúnacht Neamhchothroime
Neamhdhleathacht: Caithfidh comhlachtaí poiblí an dlí, lena ndéantar rialáil ar a gcuid cumhachtaí cinnteoireachta, a thuiscint agus a fheidhmiú i gceart. Mura raibh aon chumhacht ag an gcinnteoir é a dhéanamh nó má chuaigh sé nó sí os cionn na gcumhachtaí a bronnadh air/uirthi, féadfaidh gníomh nó cinneadh a bheith neamhdhleathach.
Neamhréasúnacht: Is féidir le cúirt cinneadh a fhreaschur má bhíonn an cinneadh sin chomh neamhréasúnach go meastar gur “saobhchinneadh” nó cinneadh “neamhréasúnach” atá ann 
Neamhchothroime: Pléann seo, i gcoitinne, leis an bpróiseas lenar thángthas ar chinneadh agus áirítear leis an ceart ar éisteacht chothrom.

Má éiríonn le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach, is féidir leis an gcúirt leigheas a dheonú trí cheann de roinnt orduithe a dhéanamh:

1.  Certiorari .i. féadfaidh an Chúirt an gníomh neamhdhleathach a chur i leataobh nó ar neamhní. Is é seo an leigheas is coitianta a iarrtar agus cuirtear cinneadh neamhbhailí, a rinneadh cheana féin, ar ceal leis.

2.  Toirmeasc: .i. cuireann an Chúirt cosc ar an údarás poiblí cinneadh nó gníomh neamhdhleathach a dhéanamh.

3.  Mandamus: nó ordú éigeantach. Cuirtear iallach leis an ordú seo ar an údarás poiblí dualgas a fheidhmiú, is é sin, gníomh a bhfuil sé de dhualgas ar an gcomhlacht a fheidhmiú an dualgas le teacht ar chinneadh lánroghnach

4.  Fógraí: Féadfaidh an Chúirt díreach a bhfuil i gceist leis an dlí a fhógairt, nó cearta na bpáirtithe faoi seach a fhógairt gan aon ordú eile a dhéanamh.

Bíonn dhá chéim i gceist le himeachtaí i gcomhair athbhreithniú breithiúnach:
1. Cead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach
2. I gcás go ndeonófar cead, éistfear leis an iarratas substaintiúil.

Fógra maidir le Clúmhilleadh

Ba cheart go dtuigfeadh rannpháirtithe a chuirfidh aighneachtaí faoi bhráid na Roinne maidir le hiarratais urthrá, go bhféadfaidh an comhlacht nó an duine is ábhar do na tuairimí, féachaint ar thuairimí a bhaineann le líomhaintí de chineál ar bith i gcoinne duine ainmnithe nó duine nó comhlacht is féidir a aithint ar bhealach eile, mar chlúmhilleadh. Féadfar an dlí a chur ar rannpháirtithe go díreach mar gheall ar aon líomhaintí clúmhillteacha in aighneacht agus ba cheart do dhaoine líomhaintí dá leithéid a sheachaint. Féadfar aighneachtaí a chuirfear faoi bhráid na Roinne a chur ar fáil go n-iniúchaidh an pobal iad agus foilseofar iad ar shuíomh idirlín na Roinne.

Tabhair faoi deara, i gcás go dtiocfaidh gníomh dlí chun cinn i gcoinne aon líomhainte a d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach, go bhféadfaidh an Roinn slánaíocht a lorg ón duine a bhfuil an líomhaint á déanamh aige nó aici. Ba cheart a thuiscint nach cúram don Roinn ach saincheisteanna a bhaineann leis an iarratas urthrá amháin agus nach mbaineann barúlacha lena cuid breithniúchán.

Category 
Topic 
Sub topic 

An raibh an leathanach cabhrach?

Go raibh maith agat as cuidiú linn housing.gov.ie a fheabhsú.

Cosaint Sonraí

Caithfidh custaiméirí de chuid na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil roinnt sonraí pearsanta a chur ar fáil ionas gur féidir leis an Roinn a cuid feidhmeanna reachtúla agus riaracháin a chur i gcrích. Is faoi rún a chaithfidh an Roinn le gach eolas agus sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. I gcásanna áirithe, nuair a dhéantar foráil ina leith sin faoin dlí, d'fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile. 

Is féidir teacht ar Bheartas na Roinne maidir le Cosaint Sonraí agus ar na Ráitis Príobháideachais, ina leagtar amach mar a bhainfimid úsáid as do chun sonraí pearsanta chomh maith le heolas a chur ar fáil ar do chearta mar ábhar sonraí, ar láithreán gréasáin na Roinne.  Is féidir cóip chrua a fháil díobh freisin ach iad a iarraidh, ón Oifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, ríomhphost data.protection@housing.gov.ie.