Ráiteas Beartais Seirbhísí Uisce 2018-2025
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é cuspóir an Ráitis Bheartais soiléiriú a thabhairt d’Uisce Éireann agus do chomhlachtaí eile ar ionchais an Rialtais le haghaidh soláthar agus forbairt seirbhísí uisce agus fuíolluisce sna blianta atá le teacht. Déanfar eolas leis freisin do chinntí ar sheirbhísí uisce tuaithe. Is é seo an chéad Ráiteas Beartais a ullmhaíodh faoin Acht um Sheirbhísí Uisce, 2017.
Leagtar amach sa Ráiteas ceithre phrionsabal lena dtreorófar an soláthar seirbhísí uisce:
Leagtar sraith cuspóirí ardleibhéil ar fud trí théama amach ann freisin:
Ní mór na cuspóirí sin a shaothrú i gcás go dtáirgeann Uisce Éireann pleananna ann le haghaidh infheistíocht bonneagair nó caiteachas laethúil ar sheirbhísí uisce.
Faoin 21 Lúnasa 2018, ní mór d’Uisce Éireann Plean Cistiúcháin Straitéiseach a ullmhú, rud ina leagfar amach a chaiteachas beartaithe oibríochtúil agus caipitil don tréimhse go dtí an bhliain 2025. A luaithe atá sé ceadaithe ag an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, bainfear leas as an bPlean Cistiúcháin Straitéiseach nuair a bheifear ag cinneadh an leibhéil bhliantúil chistiúcháin Státchiste a bheidh ag teastáil chun go mbeidh Uisce Éireann in ann seirbhísí uisce agus fuíolluisce a sholáthar dá gcustaiméirí baile.
Le linn di an Ráiteas seo a ullmhú, rinne an Roinn Páipéar Faisnéise le haghaidh Comhairliúchán Poiblí a fhoilsiú ar líne. Eisíodh é freisin chuig comhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí neamhreachtúla laistigh den earnáil uisce agus chuig gach Roinn Rialtais. Rinneadh eolas don Ráiteas Beartais leis na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas ó 15 fhreagróir.